Mórdhráma Enda Walsh
á chíoradh ag Eoin P.Ó Murchú

Tá domhan diostóipeach duairc dorcha cruthaithe ag Enda Walsh ina dhráma nua ‘Arlington [a love story]’, ceann de na príomhimeachtaí i gclár Fhéile Ealaíon na Gaillimhe. Bhí Eoin P.Ó Murchú sa lucht féachana.


Tá moladh mór tuillte ag Gaillimh a ainmníodh, i gcomhar le Rijeka sa Chróit, mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 le déanaí.

Chaitheas cuid den deireadh seachtaine seo caite i nGaillimh ag blaiseadh den chultúr ann, agus más aon léiriú an méid atá ar siúl i bhFéile Ealaíon na Gaillimhe, tá an-bhiaiste i ndán dúinn in 2020.

Mór-imeacht na féile do go leor daoine is ea dráma nua Enda Walsh, Arlington [a love story], atá ar siúl san ionad neamhdhóchúil sin, Leisureland.

Tá Walsh ar dhuine de mhórdhrámadóirí na hÉireann faoi láthair, agus ba léir sin ar an slua mór a bhí i láthair don léiriú lae agus ar an mbualadh mór bos.

Is trua nach raibh an rud céanna le brath chomh mór céanna ar an dráma féin.

Todhchaí dhiostóipeach a chuirtear inár láthair ann.

Seomra feithimh lom a bhfuil uisceadán folamh ann, seomra a bhfuil suíocháin phlaisteacha ghorma agus ceamaraí slándála ann, agus Isla (Charlie Murphy (Love Hate, Rebellion), í faoi ghlas sa seomra feithimh seo ag fanacht go nglaofar a huimhir.

Arlington fearture

Ní féidir éalú ó Beckett ón gcéad amharc. Sáite i seomra, sáite i dtúr, sáite i gcathair agus a cuid brionglóidí á dtaifeadadh. “What I saw from outside the window kept me from sleeping…”

Tá compánach nua aici (Hugh O’Conor) a labhraíonn léi trí mhicreafón, agus de réir a chéile feictear frithleagan scanrúil den saol iarbhír agus stát iomlán ansmachtach i réim.

Seans gur ráiteas é ar an gcaoi a mbímid ar fad gafa le taifead cuimsitheach a bheith againn de gach rud a tharlaíonn dúinn.

Tugann Oona Doherty léiriú éachtach sa damhsa turgnamhach dúinn, ach nílim cinnte an suíonn sé isteach ann go hiomlán mar is ceart leis an gcuid eile.

dance

An locht is mó a d’fhéadfainn casadh leis an dráma ar fad, is dócha, ná go bhfuil sé beagáinín rótheibí.

Theastaigh uaim go dtaitneodh sé liom níos mó, ach sa domhan duairc seo, is eagal liom nach bhfuil a lán dóchais sna carachtair agus níor bhrath mé mórán grá d’aon saghas.

Nílim cinnte an bhfuil an oiread sin sa bhreis ann thar mar atá ráite i leithéidí 1984 agus Room.

Tá an seit lom, cliniciúil – seomra feithimh mar a bheadh in otharlann – agus tá go leor cleasanna cliste ann chomh maith.

Tá sé scanrúil, brónach. Feileann dearadh lom Jamie Vartan don scríbhneoireacht sceirdiúil.

Ní oibríonn cuid den ghluaiseacht mhíme, a bhíonn ag bordáil le slapstick scaití.

Tá carachtar O’Conor rófhaiteach, ró-neirbhíseach seans, agus níor bhraitheas go bhfaightear greim ceart riamh air.

hugh

Tá ról ag físeáin agus teilgeadh ann agus éiríonn leo mire an bhraighdeanais a chur inár láthair.

Cuireann ceol cráite Teho Teardo go mór leis an bpíosa agus ní leasc leis pop-amhráin a úsáid nuair is gá.

Cé go dtugtar ‘scéal grá’ mar fhotheideal ar an bpíosa seo, is beag forbairt a thagann ar an gcaidreamh idir an bheirt atá lárnach ann.

Seans gur sin a theastaigh, ach ní hé is taitneamhaí le breathnú air.

Bhí mo chloigeann ag santú rud beag breise sa phlota a mhíneodh an domhan tuilleadh.

Pléitear go leor téamaí dorcha spéisiúla ann, agus táim cinnte go dtaitneoidh sé leo sin ar grá leo Walsh cheana.

Is deacair an smaoineamh a ruaigeadh, áfach, go bhfuil rud éigin in easnamh ar deireadh, rud a tharraingeodh le chéile níos mó é agus a thabharfadh dúshlán na teibíochta.


Chomhléiriú é ‘Arlington (a love story)‘ idir Féile Ealaíon na Gaillimhe agus Landmark Production. Beidh sé ar siúl go dtí an 24 Iúil. Ticéad: €22 – €32.50