‘Pléasc’ faoin spéir
Dráma speisialta ar an trá ag Fíbín

Tá na draoithe drámaíochta Fíbín ar ais leis an léiriú úrnua Pléasc.

Dráma aon oíche atá ann a léireofar den chead uair ar an Trá Mhór in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe, Dé hAoine 16 Meitheamh ag 8in, mar chuid d’fhéile chomórtha ‘Cuimhneachán an ‘Mine’ 1917-2017’.

Athinstint atá sa léiriú seo, faoi stiúir Breandan Murray, ar thragóid a tharla 100 bliain ó shin nuair a phléasc mianach ar thrá i gCois Fharraige, Conamara, gar don Trá Mhór.

Maraíodh naonúr iascairí san eachtra thubaisteach.

Ba scéal é a bhain ceannlínte amach ar fud an domhain ag an am agus d’fhág sé lorg mór ar an phobal áitiúil ar feadh na mblianta ina dhiaidh.

Ag labhairt le NÓS di, dúirt Ruth Gordon, léiritheoir Pléasc go raibh sé tábhachtach ón chéad lá go mbeadh tallann áitiúil le feiceáil in insint an scéala seo, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an cheantar.

“Cé gur scéal tragóideach atá ann, is daoine muinteartha iad na fir a maraíodh sa tragóid le go leor de na fir atá páirteach sa léiriú, agus maireann a n-oidhreacht tríothu seo,” arsa Ruth.

Tá ceangal díreach ag an scríbhneoir scripte Eoin Mac Diarmada leis an scéal, óir ba shin-seanathair leis duine de na daoine a maraíodh san eachtra, Éamonn Mac Diarmada.

Agus baill d’Aisteoirí an Spidéil, Aisteoirí Chois Fharraige, agus Cumann Drámaíochta an Chara Bhig páirteach sa léiriú, mar aon le scoláirí, mhínigh Ruth gur iarracht phobail atá sa dráma.

“Beidh ceol beo ó Chór Chois Fharraige agus ó cheoltóirí traidisiúnta áitiúla le linn an tseó, chomh maith le cúpla iontas nach mbeidh aon súil leo!” ar sí.

Agus taithí ag Fíbín a bheith ag léiriú drámaí taobh amuigh, “deis iontach” atá sa scéal áirithe seo dóibh tírdhreach Chonamara a úsáid mar a bheadh stáitse ann.

“Is bealach é chomh maith chun an lucht féachana a tharraingt isteach sa scéal,” arsa Ruth.

Is ar an Trá Mhór in Indreabhán, gar den trá ar ar tharla an tragóid, a bheidh an t-aicsean ag tarlú.

Níl uathu anois ach aimsir bhreá!


Beidh an dráma féin saor in aisce ach ní mór ticéid a chur in áirithe trí ghlaoch ar oifig Fíbín ar 091 505855 nó trí ríomhphost a sheoladh ag pleasc2017@gmail.com.

Tá neart imeachtaí eile ar an gclár comórtha, lena n-áirítear Aifreann cuimhneacháin agus nochtadh leac chuimhneacháin, seoladh leabhair agus ceolchoirm, díreach chun roinnt a lua. Tá gach eolas faoi na himeachtaí le fáil ar coisfharraige.ie agus tuilleadh eolais faoi Pléasc ar fibin.com