‘Beo, Ar Éigean’ beo agus imeachtaí eile an Oireachtais

An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle, Déardaoin 1 Samhain @ 10:00

Ní díreach do dhaoine fásta an tOireachtas. Ní hea ná é agus beidh imeachtaí go leor a bheidh dírithe ar dhaoine óga ar siúl chomh maith. Beidh fáilte chroíúil roimh dhaoine óga sa Seomra Teaghlaigh atá á eagrú ag Glór na nGael. Beidh cúinne spraoi do leanaí óga ann agus bréagáin chun iad a choimeád ag imeacht! Anuas ar sin, cluichí boird, ábhair ealaíne, leabhair agus rudaí eile nach iad. Tabharfaidh an fear grinn, Giggles, cuairt ar na daoine óga a bheidh bailithe ann! ‘Bhreá liom féin sin a fheiscint…. Beidh an seomra ar oscailt arís amárach (Dé hAoine), óna 10:00-17:00.

Comórtas na nAgallamh Beirte (agus sceitse), do dhaoine fásta: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle, Déardaoin 1 Samhain @ 14:00

Do dhaoine óga, faoi 12 agus 12-15: Ballroom, Óstán Gleneagle, Déardaoin 1 Samhain @ 11:00;

Do dhaoine óga, 15-18, Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon, Déardaoin 1 Samhain @ 12:00

Cuimhnigh ar na huaireanta fada a’ chloig a théann isteach in agallamh beirte a chumadh? Tá dua, am, dúthracht agus gnéithe is tréithe eile nach iad ag baint leis. Bail orthu siúd a thugann faoi! Beidh saothar a gcuid oibre le clos inniu ag a dó a chlog nuair a bheidh siad i mbun a gcuid cumadóireachta, faoi ábhair an tsaoil. Tá duaiseanna breátha le baint, cuirim i gcás, príomhdhuais an chomórtais ná trófaí Fhoras na Gaeilge, boinn airgid agus €400. Táim ag súil le hábhair thráthúla agus spreagúla, a chlos i bhfoirm liteartha an chomórtais seo. Ní hamháin go mbeidh na daoine fásta ag tabhairt faoin gcomórtas seo tráthnóna, ach iad siúd atá faoi aois chomh maith, (faoi 12, 12-15, 15-18). Ábhar inspioráide dúinn ar fad!

Beo ar Éigean, An Fáiltiú, Óstán Gleneagle, Déardaoin 1 Samhain @ 13:30

Tá ana-áthas orm féin, Siún Ní Dhuinn agus Áine Ní Bhreisleáin a bheith in ann eagrán de Beo ar Éigean, podchraoladh dár gcuid agus de chuid RTÉ a thaifeadadh ag an Oireachtas i mbliana. Beimid ag teacht le chéile timpeall 13:30 Déardaoin agus tá fáilte romhaibhse, a lucht féachana, a bheith ag faire agus ag éisteacht linn agus sinn ag plé cúraimí móra an tsaoil, idir throm agus éadrom!

Seoladh aipe Mholscéal, An Ballroom Déardaoin 1 Samhain@ 17:30

Is mó scéal atá tugtha chun solais ag criú an haipe Molscéal le tamall anuas, ó thosaíodar ag soláthar físeáin do na hardáin atá acu ar na meáin shóisialta. Ní gá a thuilleadh áfach dul chomh fada leis na suíomhanna sin, mar go bhfuil aip dá gcuid féin deartha agus réidh le lainseáil acu. Seolfar go hoifigiúil é tráthnóna sa Ballroom, in Óstán an Gleneagle agus is faoi Aodh Ó Coileáin a bheidh an cúram sin!

Comórtas na mBan, Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle, Déardaoin 1 Samhain @ 19:00

Is é an láithreoir agus ceoltóir aitheanta Pádraig Ó Sé a bheidh ar an stiúir anocht do Chomórtas na mBan, ní hamháin don lucht féachana ach d’éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ag éisteacht óna 19.00, nuair a chuirfear tús leis an gcomórtas. 11 amhránaí ar fad atá cláraithe le bheith san iomaíocht do Chorn Phádraig Mhic an Rí, bonn airgid agus €400. Máire Ní Mhaoilchiaráin a thug léi an corn anuraidh ach n’fheadar éinne cé uirthi a bheidh an t-ádh i mbliana! Dála an scéil, beidh fear an tí cumasach, Pádraig Ó Sé, le feiscint agus le clos amárach ag Club na Féile, nuair a bheidh sé féin agus a chomrádaithe ceolmhara ó Pholca 4, ag tabhairt faoin ardán!