Bhí an áit fiáin agus gan é ach leathuair tar éis a sé
Oíche ag an mBiongó Loco

Agus mé i mo chónaí thar lear, fiafraím go rialta de mo chairde má bhíonn imeacht éigin ag teacht aníos a gcuirfinn suim ann agus arbh fhiú an ticéad eitilte abhaile don deireadh seachtaine.  Nuair a insíodh dom faoin mBiongó Loco, cheap mé gur mo chairde a bhí loco — shamhlaigh mé seanmhná ag glacadh sosa ón gcniotáil ar feadh oíche amháin, bailithe le chéile i halla pobail suarach faoin tuath, ag béicíl ar a chéile le dearbhán €50 a bhuachan. 

Ach ní sin a bhí ann — bhí fiche duine de mo chairde ag dul chuige, tóir aisteach ar na ticéid, agus iad ag súil go mór leis. Chuir mé ticéad in áirithe agus dúirt liom féin go raibh mé as mo mheabhair, ach go mbeadh sé “difriúil” mar oíche. 

Is deacair cur síos a dhéanamh ar an mBiongó Loco. Shroich muid Opium Rooms tráthnóna Dé Sathairn uair a chloig sular thosaigh sé le “suíocháin mhaithe” a fháil (?). Bhí scuaine mhór romhainn, agus cailíní gléasta i bhfeistis Nollag ag caitheamh leabhair bhiongó linn (??). Bhí an seomra maisithe go haoibhinn, confetti ag titim anuas orainn, agus comharthaí ar fud na háite ag meabhrú dúinn gan seasamh ar na boird. Bhí an áit imithe fiáin cheana féin agus gan é ag leathuair tar éis a 6 (???).

Chuile sheans gur chuala tú faoin mBiongó Loco – cluiche biongó le ceol maith, cluichí ólacháin, agus duaiseanna breátha. Go bunúsach, sin é atá ann — agus thaitneodh sé thar cionn le héinne a bhfuil sé de nós acu dul go Coppers ag deireadh oíche ar an ndrabhlás ar thóir cheol na 90idí, ag cur allais, agus ag damhsa go seafóideach. 

Coppers ach é níos túisce sa ló atá ann, agus go mbíonn ort díriú ar chluiche biongó (atá, iontas na n-iontas, taitneamhach) gach fiche nóiméad. Dá n-iarrfaí orm focal amháin a úsáid le cur síos air — craic. Is léiriú cumasach é ar an gcraic, agus is cosúil nach bhfuil aon stop leis, le hoícheanta pleanáilte acu le linn na Nollag, agus gach ticéad díolta cheana, sula rachaidh sé ar camchuairt timpeall na tíre. Mholfainn go mór d’éinne dul ann.

Agus mé ag teacht go Baile Átha Cliath go rialta le blianta beaga anuas, tá cúpla rud tugtha faoi deara agam. Faoi mar a tháinig feabhas ar gheilleagar na tíre, tháinig athrú meoin ar chuid de na hÉireannaigh leis. Tá an faisean hipster imithe leis an ngaoth (beag nó mór, muna bhfreastalaíonn tú ar Choláiste na Tríonóide) agus tagtha ina áit tá stíl ghalánta. 

Is breá linn ar fad Instagram, agus feictear dom go bhfuil muid, mise san áireamh, níos mórtasaí asainn féin, ag cur grianghraf suas faoi rudaí fánacha atá ceannaithe againn, gym costasach ag a dtéann muid, laethanta saoire áille atá caite againn in áit álainn. 

Bíonn íomhá phearsanta á cur i láthair againn. D’fhéadfaí a rá go bhfuil beagán d’éirí in airde ann, go mbíonn muid buartha faoin íomhá seo a chuireann muid amach, faoin “mbranda pearsanta” a chothaíonn muid. 

Ach nuair a bhí mé ag an mBiongó Loco, ag canadh in ard mo chinn, daoine ag léim ar a chéile, ag caitheamh deochanna lena chéile, chonacthas dom gur féidir linn ar fad dearmad a dhéanamh orainn féin in amantaí agus nach mbíonn faitíos orainn taitneamh a bhaint as an saol agus é a dhéanamh go seafóideach ag rud chomh fánach le cluiche biongó. 

Agus chuir sé sin cumha i ndiaidh an bhaile ar an imirceach uaigneach seo agus é ag filleadh ar an mBruiséil tráthnóna Dé Domhnaigh, póit an bhiongó air leis.