Bomaite Beo
Cuntas ar 'Slam Filíochta' Liú Lúnasa

Reáchtáladh comórtas slam filíochta le linn na féile Liú Lúnasa i mBéal Feirste le déanaí. Chuaigh an ócáid agus an t-eispéireas go mór i bhfeidhm ar Mharcus Mac Conghail


Uaireanta, bíonn rud á lorg agat id shaol – bíonn rud de dhíth ort – ach cuir an cnoc beag i mullach an chnoic mhóir is fós ní thiocfaidh tú air.

Ach amanta eile ní léir duit go bhfuil rud áirithe de dhíobháil ort, ní thuigeann tú go bhfuil tú ag déanamh d’uireasa ruda go dtagann tú ar an rud sin de gheit – sin a tharla domsa ag Slam Filíochta Liú Lúnasa.

Le hathleagan a chur ar líne a chuala an slua an Déardaoin sin sa Chultúrlann, “bhíomar beo insa bhomaite sin”.

Bhí an spás is an stáitse a cruthaíodh líonta le fuinneamh, le smaointe, le gáire is le dea-thoil.

Ní bheadh a fhios agat gur comórtas a bhí ann – ní raibh iomaíocht le brath ach comhpháirtíocht, tacaíocht agus flaithiúlacht.

Tuath na bhFál
tuath gan fál
tuath na fáilte is na filíochta

Só ní léirmheas é seo ach focail bhuíochais – agus cuntas – mar bíodh is go mairfidh cuimhne na hoíche sin im cheann ar feadh i bhfad ba mhaith liom iarracht ar chur síos a dhéanamh air.

Chuir duine de na moltóirí, Séamus Barra Ó Súilleabháin, tús leis an oíche le píosa a chuir ‘Amhrán na Leabhar’ i gcuimhne dom.

San amhrán sin insíonn Tomás Rua Ó Súilleabháin mar a chaill sé a chuid leabhar go léir nuair a chuaigh an long a bhí á n-iompar do tóin poill.

Ach i gcás SBÓS, ba é a ghuthán, agus dá réir, a shaol iomlán, a bhí caillte.

“Bhfacaís mo ghuthán ar Bhóthar na bhFál…?”

Is breá liom an stad-rithim ruballach atá aige.

Cuid den slua a bhí ag an Slam, agus bean an tí Sinéad Ní Uallacháin i lár báire.


Ba í Sionainn Ní Ghréacháin as Luimneach an chéad iomaitheoir agus í lán le paisean ag léiriú dúinn mar a bhraith sí uaithi an saol nua a bhí cruthaithe aici di féin – an Éire nua más maith leat – toisc í a bheith scoite amach ón Éirinn sin i Meiriceá – féach seo mar bhuafhocal: “nuair a airíonn tú uait ní, tuigeann tú fíor-mhianta do chroí”.

“…barraíocht blianta bhí náire orm faoin Bhéarlachas i mo teanga,” a dúirt Maoilíosa Nic Éadaoin linn.

Ach tar éis di Béarla a dhéanamh ar an ollscoil “fásann teanga athraíonn teanga” a tuigeadh di agus “teanga atá orainn foghlaim ó leabhar scríofa céad bliain ó shin – sin teanga mharbh”.

“Ach bunscoil Gaeilge – sin ceann de na teangacha is beo a chuala mé ariamh – rinne páistí an teanga suas…”

Aontaím.

Chuir dán Fhearghail Uí Raifeartaigh ag gáire mé.

Dhein sé cur síos ar iarrachtaí fir bheith ag suirí le bean i dtábhairne i Meiriceá agus Shania Twain á seinnt ar an júc-bhosca.

Nuair a bhí teipthe ar gach seift thóg sé amach na gunnaí móra – luaigh gur Éireannach a bhí ann.

Nach é sin a mheallann cách!

Líne scoir mhaith aige fosta. Bhain línte an dáin seo gáire rialta as an slua.

Ní a ndánta féin a dúirt gach éinne agus roinn Eibhlín Nic Gearailt – ainm breá Muimhneach le guth álainn Ultach – roinn sí dán ar an bhfidléir Conallach John Doherty a scríobh Máire Dinny Wren.

Ceoltóir siúil a bhí ann, de réir an dáin, is bhain a cheol “macalla as gach cnoc is gleann” agus ba leor dó “…dídean na hoíche ag deireadh an aistir”.

Ó Doherty go Dochartach.

“Tá mise chun a ráit dán,” a dúirt JJ Ó Dochartaigh linn, agus dúirt.

Píosa inar dhein sé cur síos ar an ócáid chéanna trí shúile an fhir, agus ansin, trí shúile na mná.

Bhí pus i bpis agus bod i mbéal ina dhán aige agus mar a dúirt duine ón slua – “ní chraolfar é sin ar RnaG!”

“Táimid beo insa bhomaite seo” a churfá rithimiúil agus ba é sin mana na hoíche dhomsa.

Dán i mBéarla a thug Karl Devlin dúinn a scríobh sé agus é ag teagasc Béarla do phríosúnaigh i Sasana.

Transfering Verses ainm a dháin a phléigh le cúrsaí ama agus na séasúir.

“Tidal waves upon the world engrave…” íomhá is líne dheas.

Chuir Maia agus Bethan dán inár láthair a scríobh file ón mBreatain Bheag darb ainm Williams.

Breatnais ar dtús agus ansin aistriúchán Béarla.

Is maith mar a dhein an dán seo codarsnacht le roinnt den ábhar eile a cíoradh ag an slam.

Éalú ó “the extremists” a bhí uaidh.

Éalú ó gach éinne ag caint faoin mBreatain Bheag.

Gleannta is sléibhte a óige a thugann faoiseamh ón gcallán dó.

Maia Jones agus Bethan Ruth Roberts as Cymru


Tá guth breá ceolmhar ag Seanán Mac Aoidh is dhein a dhán siúd iarracht Éireannaigh na linne seo a ghríosadh chun aire a thabhairt don phláinéad trí nascadh siar go Fionn is an bradán feasa.

Mar a dúirt sé “tá an Domhan idir dhá cheann na meá” – is gá an fód a sheasamh don domhan – ‘déanaimís é’ a dúirt sé – “muidine is tú féin”.

Is maith liom an ghné seo den fhilíocht labhartha – a bheith ag tathaint ar an slua machnamh a dhéanamh ar rud éigin atá mícheart, dar leis an bhfile, agus meonta a athrú is dul i mbun gnímh.

Agus is cinnte go raibh soiscéalta polaitiúla, sóisialta nó cultúrtha á bhfógairt le linn na hoíche.

Bhí an stuif go léir a théann tríd do cheann is tú ag feitheamh go neirbhíseach leis an mbuachaill a bhfuil coinne déanta agat leis á ríomh ag Dáire Ní Chanáin.

Thóg sí go céim eile ar fad é.

Thaitin soiléireacht agus easpa saorgachta a friotail liom.

Is amhlaidh go raibh leagan den dán aici i mBéarla ar dtús – is maith an rud bheith in ann adhmad a bhaint as dhá theanga.

Muna bhfuil buaiteoir an chomórtais ar eolas agat cheanna féin ná léigh an chéad abairt eile.

Ba í Milène Fegan (príomh-ghrianghraf thuas) a bhuaigh an comórtas – is nuair a fógraíodh í chas mise is mo mhac i dtreo a chéile agus le croitheadh cinn ón mbeirt againn, d’aontaíomar le cinneadh na moltóirí.

Bhí an t-ábhar is na focail roghnaithe go maith aici, bhí an dán gonta agus greannmhar, bhí a cur i láthair coirp is gutha nótálta.

Bhí an slua faoina lapa aici ó thús deireadh.

“Táimid damanta, a dheirfiúracha” a scríobh Nuala Ní Dhomhnaill agus chuir Gráinne Ní Ghilín an dán sin inár láthair.

Tá bua na haisteoireachta agus na haithriseoireachta go han-mhaith ag Gráinne.

Bhí ‘Cerberus’ le Somhairle Mag Uidhir uaillmhianach mar iarracht – is é is mó a thaitin liom go pearsanta ar an oíche.

“Why can’t we just get along” mar mhantra aige tríd síos an dán – agus é ag cíoradh na deighilte idir an dá mhórphobal ó thuaidh.

“Ná cuirimís an locht ar dhaoine atá bocht, ach údaráis mhóra who don’t give a fuck.”

An chúis leis an easpa réitigh, dar leis, agus daoine “ag tafann is ag gearán faoi rudaí nach maireann” is “ag geallúint na fírinne le foclaí atá folamh”.

“Ruaig a chur ar lucht an rachmais” an réiteach atá ar an scéal dar le Somhairle.

Somhairle Mag Uidhir i mbun reacaireachta


Is léir go bhfuil taithí stáitse ag Oisín Mac – níor bhain na rannpháirtithe eile feidhm as an lucht féachana mar thaca – ach dhein Oisin é sin go snasta – dhein dhá leath den slua is chuir leath amháin ag bualadh bos le rithim áirithe agus an leath eile ag rá línte a churfá.

Tá sé ana-chompórdach ar an stáitse, ag gluaiseacht go mín ar fud an úrláir.

Ansin léigh Naoise Ó Cairealláin dán le Gearóid Mac Lochlainn.

Agus léigh sé go maith é.

Chreid mé gur buachaill óg an dáin é agus é á léamh.

Tuiscint an charachtair ar cad is Éireannach ann, sin croí an dáin.

Is iomaí cineál Éire agus Éireannach atá ann agus bhí an snáithe seo fite tríd an oíche.

A scéal féin scéal gach duine a deirtear, agus is é an focal ‘scéal’ a d’úsáid Tomaí Ó Conghaile go liodánach is go héifeachtach.

D’úsáid sé rithim agus imeartas focal ar bhealach maith.

Is léir go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach dó agus, go deimhin, do dhaoine eile a bhí páirteach sa slam.

Bhí dán álainn le clos ansin againn ó Sheán Ó Fearghail.

Dán faoi dhuine a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an scríbhneoir agus é ag fás aníos ach a fuair bás.

Bhí ionracas agus mothálacht álainn le brath ón dán seo.

Is é Dámhscoil Mhúscraí an slam filíochta is leanúnaí sa tír – é ar siúl gach bliain ó 1926 i leith.

Is maith mar sin go raibh ionadaí ón taobh sin tíre ag glacadh páirte.

Le “…bagairtí ar gach taobh ag cur i gcontúirt ár slándáil” is paidir a bhí ag Concubhar Ó Liatháin dúinn.

Phléigh sé an téamh domhanda agus an bháisteach thréan a thit ar Inis Fáil le déanaí agus “An dtabharfá slán sinn, a mhic Dé, ó Oráisteach an Tí Bháin”.

Níl le rá agamsa ach Áiméan.

Na bréaga, an fhírinne, na deiseanna is na dúshláin atá i bhfolach laistiar de staitisticí a chuir Eoin P Ó Murchú inár láthair.

Thóg sé sinn ar fhuaimchuairt Ghaeltachta – le hamhrán aitheanta ó gach ceantar agus blaiseadh beag de gach canúint aige – mar léiriú ar na nithe nach mbeidh ann níos mó muna ndéanann an lucht éisteachta gníomh.

Ba bhealach an-éifeachtach é le go rachadh a smaoineamh i gcion orthu siúd a bhí i láthair.

An choimhlint idir thintreach na teicneolaíochta is an tírdhreach a rianaigh Tuán Ó Ruanaigh dúinn lena dhán ‘Aoibhneas an tSaoil’.

Dúirt sé nár scríobh sé dán go dtí an lá sin – agus féach go bhfuair sé duais aitheantais mar thoradh air.

Ba í Sinéad Ní Uallacháin óstach na hóiche agus dhein sí sár-jab – bhí smacht séimh aici ar an imeacht agus choinnigh sí an oíche ag gluaiseacht go mín.

Bhí fad, leithead agus doimhneacht leis mar oíche – uigeacht, rithim agus séis.

Níor bhaineas oiread taitnimh as ócáid filíochta riamh.


Is féidir éisteacht le mír bhreá ó RTÉ RnaG a chuir Sinéad Ní Uallacháin le chéile faoin Slam anseo.