Ceiliúradh ar shaol agus saothar Joe Steve agus imeachtaí eile

Coirnéal an Cheoil 

Dé Satharn 3 Aibreán @13:00 

A fhad is go bhfuil tú  ag baint suilt as deireadh seachtaine atá giota beag níos faide ná mar is gnáth, beidh deis agat do scíth a ligean agus éisteacht le Conor Caldwell ag seinm ceoil ag am lóin Dé Sathairn. 

Craolfar an seisiún ar leathanach Facebook Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich

Tug Aire Dhuit Fhéin 

An dara ócáid sa srath ‘Tug aire dhuit fhéin’ An gruagaire, Shannon Seoighe, a bheidh linn Dé Máirt, 6 Aibreán @…

Posted by Glór na n Oileán on Dé Luain 29 Márta 2021

Dé Máirt 6 Aibreán @19:30 

An bhfuil cumha ort i ndiaidh an ghruagaire? Beidh Shannon Seoighe ag tabhairt comhairle faoi na bealaí is féidir aire a thabhairt do do chuid gruaige sa cheardlann seo a bheidh ar siúl ag Glór na nOileán Dé Máirt. 

Is féidir clárú anseo.

Cultúr na Céadaoine: Rapcheol 

Céadaoin 7 Aibreán @13:00 

Mar chuid den tsraith ‘Cultúr na Céadaoine’, eagraithe ag Oifig na Gaeilge UCD, beidh an t-aoichainteoir Eoin McEvoy ag labhairt faoin gceol rap as Gaeilge, a chuid filíochta nuachumtha, agus an próiseas cumadóireachta. Má bhíonn an t-ádh orainn, seans go ndéarfadh sé ‘Seo Mo Spás’!

Is féidir clárú don imeacht anseo.

Ceiliúradh ar saol agus ar shaothar Joe Steve Uí Neachtain 

Joe Steve Ó Neachtain. Pic: Seán Ó Mainnín

Dé Céadaoin 7 Aibreán @20:00 

Beidh an tOireachtas agus Aontas na Scríbheoirí Gaeilge ag cur ócáid chuimhneacháin ar líne in ómós Joe Steve Uí Neachtain, an scríbhneoir, aisteoir, gníomhaí pobail agus drámadóir as Cois Fharraige

Craolfar an ócáid ar leathanach Facebook an Oireachtais 

An Tóstal: Slántóirí as Gaeilge

 

Céadaoin 7 Aibreán @20:00 

Beidh seisiún de chraobh Gaeilge na heagraíochta idirnáisiúnta Toastmasters ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin. Is í an aidhm atá ag an eagraíocht deiseanna a thabhairt do dhaoine dul i dtaithí ar an óráidíocht phoiblí. 

Seo ríomhphost chuig deniskellyelphin@gmail.com le clárú.