Ceol, Cava & Cruthaitheacht
ar son Aisling Ghéar!

Tá oíche shiamsa á reáchtáil ag an chompántas drámaíochta Aisling Ghéar Déardaoin seo i mBéal Feirste agus is liosta le háireamh iad na haisteoirí, fuirseoirí agus ceoltóirí a bheas i láthair.

‘Siamsa Aisling Ghéar’ is teideal don ócáid, a thitfidh amach i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus atá á heagrú chun airgead a thiomsú don aon chomhlacht lánaimseartha drámaíochta Gaeilge sa tír.

Mar a bheifeá ag súil, beidh bunaitheoir an chompántais Gearóid Ó Cairealláin ann le sceitse óna dhráma iontach The Wheelchair Monologues, mar aon le léirithe gairide ó Tony Devlin agus Nuala McCusker, beirt a bhfuil scoth na haisteoireachta curtha i láthair acu le hAisling Ghéar thar na blianta.

Beidh Diona Doherty, a bhí le feiceáil in Derry’s Girls ar na mallaibh, ann fosta chomh maith le Peter Sheridan – an fear taobh thiar de The Gaelic Brain an-ghreannmhar – agus an tseanbhean chlúiteach í féin, May McFetridge.

Ar a bharr sin beidh ceol ar an oíche leis an amhránaí as Tír Eoghain Bernadette Morris (thuas), a sheol an dara halbam ar dóigh aici, Where The Heart Is, le déanaí agus JJ Ó Dochartaigh, a bhfuil aithne mhaith ag léitheoirí na hirise seo air.

Ócáid tiomsaithe airgid í seo agus tá £50 ar na ticéid… luach maith don éagsúlacht leathan siamsaíochta a bheas ar ardán!

Faigh do cheannsa anseo.