3 amhrán ar son Bhundúchasaigh na hAstráile
Ar lá náisiúnta na tíre

Inniu Lá Náisiúnta na hAstráile, an ceiliúradh poiblí is mó sa stát ina mbíonn na mílte ag glacadh páirte i bhféilte, cóisireacha agus ócáidí speisialta eile fud fad na tíre.

Roghnaítear 26 Eanáir mar chomóradh ar an lá sa bhliain 1787 a bhain ‘An Chéad Chabhlach’ de longa Briotanacha Cuan Sydney amach chun pianchoilíneacht a bhunú sa tír.

Mar gheall ar ar tharla do bhundúchasaigh na hAstráile sna blianta dorcha ina dhiaidh áfach, tá sciar suntasach den phobal dúchais ann nach n-aontaíonn leis an lá náisiúnta ceiliúrtha.

Agus ní ionadh ar bith é.

Anois bíonn imeachtaí á reáchtáil gach bliain ar an lá seo – ag bundúchasaigh agus fosta acu siúd de bhunadh Eorpach – chun aird a dhíriú ar an uafás a bhain do dhaoine bundúchasacha faoi riail na Breataine agus ar an leithcheal atá ar siúl sa tír fós.

Go hiondúil ar an lá náisiúnta cuirtear béim ar scoth an cheoil atá cruthaithe ag Astrálaigh thar na blianta, agus ní féidir a shéanadh nach bhfuil bannaí agus ceoltóirí iontacha ón Astráil tar éis dul i bhfeidhm go mór ar an domhan: díreach smaoinigh ar na cnaga móra atá eisithe ag leithéidí Nick Cave, AC/DC, Crowded House, INXS, Men At Work agus Gotye.

Anseo thíos áfach tá 3 amhrán a sheasann amach ón slua mar gheall ar an seasamh neamhbhalbh láidir a ghlacann siad ar son na mbundúchasach san Astráil.

Éistigí leo anocht agus cuimhnígí ar an streachailt atá go fóill ar bun ag bundúchasaigh chun a gcearta a bhaint amach san Astráil, agus ar fud na cruinne.


Beds Are Burning – Midnight Oil (1987)

Ceann de na chéad amhráin mhóra chun díriú ar cheist na mbundúchasach (rud nach raibh i gcónaí éasca i measc phobal bán na hAstráile), pléann an traic agóide seo le treibh, an Pintupi, ar baineadh a gcuid tailte díobh agus ar aistríodh iad, le lámh láidir, go lonnaíocht speisialta i lár an chéid seo caite.

Le liricí láidre (“It belongs to them, let’s give it back”) agus buille ceolmhar, tá ‘Beds Are Burning’ ar na hamhráin is aitheanta ag Midnight Oil taobh amuigh den Astráil agus bhain sé uimhir 11 amach i gcairteacha na hÉireann ag an am.

Bhí an ceart ar fad acu, agus tá fós.


Treaty – Yothu Yindi (1991)

Sa bhliain 1988 gheall an Príomhaire ag an am, Bob Hawke, go síneodh a rialtas conradh nua bunaithe ar éilimh pholaitiúla a bhí curtha le chéile ag an phobal Bundúchasach i dtuaisceart na hAstráile.

Ar ndóigh, níor tháinig an conradh.

Scríobh an grúpa Yothu Yindi (a chiallaíonn ‘Páiste agus Máthair’ sa teanga Yolngu) an t-amhrán seo mar gheall ar an chás agus ar staid a bpobail trí chéile.

Chinntigh an fhuaim neartmhar agus an meascán de cheol bundúchasach agus uirlisí nua-aimseartha go gcuirfeadh ‘Treaty’ ceist na ndaoine dúchasacha sna ceannlínte arís eile.


We Could Be Gone – Jimmy Barnes & Archie Roach (1993)

“Forty thousand years underneath your belt, now you have to pray where the white man knelt. You’ve been ridiculed because of what you felt, tried to crucify you but you fought like hell.”

An gá mórán eile a rá?

Tháinig an t-amhránaí clúiteach bundúchasach Archie Roach le chéile leis an laoch rac, agus príomhamhránaí Cold Chisel Jimmy Barnes, chun an glaoch cumhachtach seo ar son athmhuintearais a thaifeadadh.

Tá an teachtaireacht chomh hábhartha inniu is a bhí 20 bliain ó shin.