5m amharc ar YouTube ag Seo Linn den dara huair lena leagan de ‘Óró ‘Sé Do Bheatha Abhaile’

Tá cloch mhíle mhór an 5,000,000 amharc bainte amach ag an mbanna ceoil Gaeilge Seo Linn ar YouTube, den dara huair, lena leagan den amhrán cáiliúil ‘Óró, ‘Sé Do Bheatha Abhaile’. Fágann sé sin gurb é a leagan siúd den amhrán an leagan is mó tóir ar YouTube faoi láthair, chun cinn ar leaganacha Shinéad O’Connor (4.9m) agus The Dubliners (3.7m).

D’eisigh Seo Linn ‘Óró, ‘Sé Do Bheatha Abhaile’ in 2016, tráth a raibh comóradh á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916. Ba é Páraic Mac Piarais, duine de cheannairí an Éirí Amach, a scríobh lirící an amhráin sa leagan a chanann Seo Linn. 

“Fuair muid amach Dé Máirt gur shroich sé an cúig mhilliún. Bhí sé cineáilín aisteach gur tharla sé an lá sin, bhí muid ag caint faoi amhrán eile den chineál sin a bhfuil muid ag obair air faoi láthair ar chruinniú Zoom. Luaigh muid ‘Óró’ agus chonaic Kev [Shortall] gur bhain muid an cúig mhilliún amach. 

“Bhí muid cineáilín ag súil leis, bhain sé an ceithre mhilliún amach anuraidh agus bíonn ‘Óró’ i gcónaí ard sna staitisticí éisteachta ar Spotify. Ní hé is airde ar na liostaí éisteachta ach bíonn sé gar go maith do bharr na liosta go seasta. Is breá linne an t-amhrán, is é an ceann is fearr linn a chasadh, go háirithe nuair a bhíonn drumadóir linn. Is breá linn é a chasadh ag féilte, chas muid san Astráil, i Meiriceá, agus san Iodáil é — cibé cén áit a mbíonn muid, déanann muid é. Bhí muid i gcónaí ag iarraidh leagan de ‘Óró ‘Sé Do Bheatha’ a thaifeadadh agus sa deireadh shuigh muid síos leis an léiritheoir ceoil James Darkin agus chuir muid le chéile é.” a dúirt Stiofán Ó Fearaíl, príomhamhránaí Sheo Linn le NÓS. 

Dúirt sé go mbíonn “seanamhráin mar sin” ag Seo Linn ag a gcuid gigeanna go minic, go háirithe ‘Mo Ghile Mear’ agus amhrán traidisiúnta i nGaeilge na hAlban

Bhain Seo Linn cúig mhilliún amharc amach ar YouTube roimhe seo lena leagan de ‘Wake Me Up’, amhrán Avicii, a rinne siad cúpla bliain ó shin. Tá 7,900,000 amharc ag an amhrán sin anois. Is iad Seo Linn an banna Gaeilge is rathúla ar YouTube agus na milliúin amharc ag a n-amhrán uilig thar chainéil éagsúla.