60 soicind le…
Caoimhín Ó Raghallaigh

Má cheap tú nach uirlis ghnéasach í an fhidil, smaoinigh arís. Labhair an sár-fhidléir Caoimhín Ó Raghallaigh – ball de The Gloaming agus This is How we Fly – linn faoina Hardanger D’Amore, oícheanta in aerfoirt Londan agus faoin bhearradh gruaige atá ag teastáil uaidh go géar (dar leis féin!)…


1. Cárb as duit?
Baile Átha Cliath.

2. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat?
An Iodáil.

3. Cén ceoltóir is fearr leat?
Jan Garbarek agus Hilliard Ensemble.

4. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Níl ceann agam!

5. Cad é an rud is craiceáilte a rinne tú i do shaol?
Toisc nach raibh pingin agam agus mé i mo chónaí i Londain Shasana fadó, chodail mé sna haerfoirt ar fad gach aon oíche ar feadh mí nó dhó.

6. Curaí nó Pizza?
Pizza ón Iodáil, le do thoil!

7. Fidil nó hardanger?
Hardanger d’Amore!

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do cheoltóir?
Barista – is breá liom caife den scoth.

9. An bhfuil aon aiféala ort?
Ceann ar bith. Is ró-ghearr an saol atá againn gan am a chur amú ar a leithéid.

10. Cad é an cuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Ag damhsa thart ár dtig le mo dheirfiúr agus mo thuismitheoirí, chomh héadrom le héiníní.

caoimhin-or2

11. Dá mbeifeá ag casadh le bean den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá di?
Bláthanna, béile, blúire seaimpéine, siúlóid faoi spéir na hoíche is na réalta in airde, snámh san fharraige (dá mbeadh an teocht i gceart), fuisce te, comhrá is gáire, coinne eile a eagrú, póigín ar an leiceann, slán a fhágaint.

12. Céard an scannán is fearr le linn 2014, dar leat?
Frank nó St Vincent.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr dar leat?
Conor Lovett.

14. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Balor Béimneach?

15. Céard é an píosa éadaí is fearr leat?
Péire buataisí donn a fuair mé le déanaí.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Bearradh gruaige a fháil chomh luath agus is féidir…

17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?
An tSeapáin.

18. As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? Cén fáth?
Ceann a rinne mé i mBÁC cúpla bliain ó shin, amuigh faoin spéir ar shráid iargúlta taobh amuigh de sheana-fhoirgneamh tréigthe, coinnle gach aon áit, thart ar scór duine sa lucht éisteachta, agus fuaimeanna na cathrach le cloisint go soiléir. Tháinig beirt nó triúr de ghasúir na háite orainn ansan, baineadh geit astu agus scaipeadar – is léir gur cheapadar gur droch-shochraid de shaghas éigin a bhí ar siúl againn!

19. An bhfuil droch-nós ar bith agat?
Fuílleach! Mo chuid amhránaíochta, ar an gcéad dul síos…

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Tosú ag siúl amach le mo chailín álainn, Ciara, cúpla bliain ó shin, agus ár saol le chéile ó shin i leith!


Beidh Caoimhín ar camchuairt ceoil timpeall na cruinne sna míonna amach romhainn. Tuilleadh eolais ar caoimhinoraghallaigh.com

Grianghraif le Lucy Clarke agus Con Kelleher.