7 lá, 405,000 amharc
Tá sé déanta arís ag Coláiste Lurgan


Beidh a fhios ag an chuid is mó agaibh go bhfuil muintir Choláiste Lurgan i mbun aicsin arís agus cúig amhrán úra foilsithe acu ar Youtube le linn an tsamhraidh go dtí seo.

amhrán deas nuascríofa ina measc sin ach is é an traic atá ag baint na gceannlínte amach ná leagan spleodrach Gaeilge de ‘Cheerleader’ leis an cheoltóir Iamácach OMI.

Níor cuireadh ‘Síoraí Spraoi’ in airde ar líne ach seachtain ó shin ach cheana féin tá sé tar éis breis agus 405,000 amharc a ghnóthú ar Youtube, rud a fhágann go bhfuil sé ar na físeáin is mó fás atá déanta ag Coláiste Lurgan riamh.

Is iad Cian Mac Gearailt agus Stephanie Hurley na príomhamhránaithe san fhíseán atá lán dathanna agus sult an tsaoil, mar a bheifeá ag súil, agus seinneadh an t-amhrán ar raidió san Afraic Theas thar an deireadh seachtaine fiú.

I bhfianaise an méid atá curtha ar fáil ag Coláiste Lurgan ó thosaigh siad ar an nuacheol Gaeilge, tá súil againn ar fad go mbeidh siad “i gcónaí síoraí spraoi…”