Albaim na bliana 2017: Cuid 1
Le Ben Ó Faoláin

Bhí cluas ghéar á tabhairt ag léirmheastóir tí NÓS Ben Ó Faoláin do na heisiúintí ceoil is fearr a tháinig amach le linn na bliana agus tá a rogha shainiúil de na 20 albam is mó a thaitin leis le fáil anseo thíos, in ord aibítire. Tar ar ais amárach le haghaidh cuid 2.


Karl Blau – Out Her Space (Bella Union)

In ainneoin go raibh an cumadóir indie-rac Karl Blau, as Stát Washington SAM, gníomhach i mbun ceol a thaifeadadh le 20 bliain anuas, is é Out Her Space an chéad albam d’amhráin fhéinchumtha dá chuid a eisíodh ar an dtaobh seo den Atlantach go dtí seo.

Tá ocht n-amhrán romhat a mheascann stíleanna idir indie, afra-pop, func, dub, dioscó agus ceol tíre lena chéile gan dua.

Nóiméad amháin chuirfeadh sé Arthur Russell i gcuimhne duit, nóiméad eile cloisfidh tú macallaí de cheol Paul Simon nó Nina Simone.

Glic, fileata, dáiríre agus iontach amach is amach.


Brainwaltzera – Poly-Ana (Film)

Tháinig an début seo ó léiritheoir anaithnid chugainn agus é molta go hard ag Richard D James (Aphex Twin), rud ba chúis le ráfla go raibh James féin freagrach as.

Ní gá ach éisteacht le tuiscint nach raibh.

Le fírinne, tá mórán de Poly-Ana níos cosúla ceol Boards of Canada agus Andy Stott.

Anuas air sin, tá brí ag baint le cruth agus leanúnachas Poly-Ana nach raibh le sonrú ar aon saothar de chuid James le fada an lá.

Sárthaispeántas lán de chumha i ndiaidh mhothúcháin neamhbhuanna na hóige.


Dauwd – Theory of Colours (Technicolour)

Táim faoi dhraíocht ag ceol leictreonach domhain, séiseach Dauwd Al Hilali na Breataine Bige ó eisíodh Theory of Colours i lár an tsamhraidh.

Is é an saothar is mó a bhí ar na cluasáin agam ó shin i leith – tá dearadh fuaime an fhir seo thar na bearta, ar fad, agus tá deismínteacht shuntasach ag baint lena mhodh léirithe.

Suaimhneas intinne do chách.


The Flaming Lips – Oczy Mlody (Bella Union)

Athchuairt Wayne Coyne ar fhuaim mhilis, mheallacach Yoshimi Battles The Pink Robots (2002) a bhfuil easaontas idir lucht leanúna The Flaming Lips faoina luach.

Saothar fánach, áiféiseach, is fíor, ach cén dochar é?

Mheasfá Coyne tar éis an tréimhse thaifeadta a chaitheamh ag ithe LSD de ló is d’oíche ar mhaithe lena chuid éisteóirí.

Sin agat dúthracht na réalta rac i mbun oibre!


Seamus Fogarty – The Curious Hand (Domino)

Scéalaí séimh ag cumadh liricí searbha é Seamus Fogarty as Contae Mhaigh Eo.

Fear a thuigeann go bhfuil níos mo de phailéad sonach ar fáil don bhailéadaí ná an diabhal giotár acústach.

Machnamh é The Curious Hand ar an imirce agus cad is ‘baile’ ann.

Grá agus aiféala, obair chrua agus síor-bhogadh an spailpín.

Tá miotal agus ionracas dóite Fogarty le moladh.


Four Tet – New Energy (Text)

Ní hé an saothar is samhlaíche atá eisithe ag Kieran Hedben, ach is albam sómasach amach is amach é New Energy.

Tá fuaim an cheoil Indiaigh chlasaicigh agus an cheoil Gamelan in uachtar, mar a bhí ar albam deireanach Four Tet Morning / Evening (2015), ach filleann patrúin chiorclacha bhuillí ‘Daughter’ agus ‘You Are Love’ ar stíl na luath-albam mar Pause (2001) agus Rounds (2003).

Tá tionchar ambient-techno leithéidí Global Communications, LFO agus, cé eile, Aphex Twin na 90í le sonrú, freisin, in inneach bog an cheoil.

Albam le fáscadh chun do chroí isteach agus an aimsir fhuar lasmuigh.


Girlpool – Powerplant (Anti)

Tá céim mhór chun tosaigh glactha i mbliana ag Girlpool (Cloe Tucker, Harmony Tividad), dísreach indie-cheoil a bhí ar fhadliosta NÓS d’albaim na bliana 2015 freisin, lena début Before The World Was Big (léirmheas anseo).

Tá fuaim níos mó agus giotáir níos fiachmhaire i gceist le Powerplant, ach maireann armóiní aoibhne agus liricí soineanta na beirte i gcónaí.


Jesca Hoop – Memories Are Now (Sup Pop)

Nuair a osclaíonn Jesca Hoop a béal chun canadh ní mór pé rud atá ar siúl agat a chur i leataobh is éisteacht léi.

Ar nós Kim Deal roimpi, fiú muna bhfuil ach cúpla “óóó” agus “ááá” á scaoileadh as a béal ag Hoop, meallann saibhreas a glóir thú.

Ní haon mhaith é timbre eisceachtúil gan cumas amhránaíochta, gan dabht, agus tá gus agus gaisce ag baint le cur i láthair Hoop ar a cúigú halbam seo, Memories Are Now.

Saothar sonrach.


King Gizzard & The Wizard Lizard – Flying Microtonal Banana (ATO/Flightless)

D’eisigh an grúpa psyche-rac seo as Melbourne na hAstráile ceithre albam i mbliana, agus téama ar leith ag baint le gach ceann acu.

Ar Flying Microtonal Banana thugadar faoi cheol a sheinnt uirisí micreathonúla, a chuireann nótaí níos lú ná leath-thon ar fáil don gceoltóir.

Tá blas éigin de cheol an Mheánoirthir ar an saothar dá bharr, ach eilimintí kraut-rac agus miotail le clos, freisin, smeartha thar theimpléad psych-rac an ghrúpa.

Saothar dána, eachtrúil gan a bheith dúshlánach, agus aintiún indie na bliana (‘Rattlesnake’), domsa, mar thús leis.


Lankum – Between The Earth and Sky (Rough Trade)

Chuir conradh le ceirníní Rough Trade ceathairéad tallanach na hardcathrach ar an stáitse idirnáisiúnta i mbliana.

Cúis mhortais í ambasadóirí ceoil mar iad bheith againn (tá gá leo chun cothromaíocht an fhórsa a chaomhnú agus The Corrs i mbun ceoil arís).

Daoncheol amh, ionraic don 21ú haois.

Amhráin, idir shean agus nua, a thugann go cumasach faoi théamaí móra an fhaisisteachais, an bhochtanais agus na himirce.