Albam do na cluasáin
ar féidir éisteacht leis arís agus arís eile!

“Strictly considered”, a scríobh peannaire éigin san iris Mheiriceánach New Republic thiar sa bhliain 1918, “writing about music is as illogical as singing about economics.”

Chuaigh John Lennon céim níos faide nuair a nocht sé an tuairim in 1981 gurb ionann a bheith ag scríobh faoi cheol agus a bheith ag caint faoi bhualadh craicinn.

Dúirt Mike Oldfield (fear na gclogfheadán) in 1982 go mbeadh sé chomh maith ag duine a bheith ag canadh faoi shacar agus a bheith ag iarraidh scríobh faoi cheol, ach éist le ‘Give Him A Ball (A Yard Of Grass)’ le Sultans of Ping FC nó ‘Joxer Goes To Stuttgart’ le Christy Moore agus abair liom nár chúl tuathail ráiteas Oldfield.

Is fearr liom samhail Elvis Costello, a chuir ag scríobh faoi cheol i gcosúlacht le bheith ag rince faoi ailtireacht.

Gan a bheith ag gearán, is mar sin a bhíonn iriseoireacht cheoil scaití!

I gcás ceol teibí den tsórt atá le clos ar ‘Reassemblage’, an dara halbam leis an dísreach Meiriceánach ambient electronica Visible Cloaks (Ryan Carlile & Spencer Doran), bheadh sé chomh maith agat a bheith ag feadaíl faoi fhealsúnacht, nó ag snámh mar gheall ar shiúinéireacht, agus a bheith ag iarraidh cur síos ar an gceol.

Ach déanfar é, mar is albam neamhghnách é ‘Reassemblage’ nár cheart scaoileadh tharat.

Is é príomh-fhoinse inspioráide Visible Cloaks don albam é meascán fíor-spéisiúil de phop-cheol agus ceol ambient Seapánach ón dtréimhse 1980-1986, ‘Fairlights, Mallets & Bamboo’, a chuir Doran féin le chéile in 2010.

Seachas aithris dhíreach a dhéanamh ar an gceol atá le clos ar ‘Fairlights, Mallets & Bamboo’, roghnaigh Doran & Carlile pailéad sonach an cheoil úd a úsáid chun ceol as an nua a chumadh ar threalamh digiteach.

Albam dos na cluasáin é ‘Reassemblage’, má bhí ceann riamh ann.

Ní hamháin go bhfuil an dearadh fuaime ina iontas, ciallaíonn teibíocht an cheoil nach fiú duit bheith ag iarraidh aon rud eile a dhéanamh fad is atá sé ar siúl agat.

Don gcluas Eorpach tá macallaí le clos in áiteanna de cheol Laurie Anderson (‘Valve’ i dteannta Miyako Coda) agus Ryuichi Sakamoto (‘Terrazo’ i dteannta Motion Graphics), ach den gcuid is mó táimid ag éisteacht le ceol nach bhfuil cosúil le haon rud atá cloiste cheana againn.

Tá ‘Reassemblage’ agam le cúpla mí anois, is cloisim albam difriúil gach babhta a thugaim faoi.

Nach breá an rud é sin sa bhliain 2017?