Albanach ildánach…
ag rapáil leis ar an sean-nós!

Níl ach lá amháin fágtha chun vóta a chaitheamh ar son Ghael na nGarbhchríoch Griogair Labhruidh atá ainmnithe sa rannóg ‘Amhránaí Traidisiúnta na Bliana’ ag Gradaim Cheoil Traidisiúnta MG Alba.


Agus dhá shár-eisiúint d’amhránaíocht ar an sean-nós tugtha uaidh, Dail-riata agus Guaillibh A’ Cheile (an dara ceann i dteannta le Doiminic Mac Giolla Bhríde), tá Griogair cheana féin aitheanta ar dhuine de mhór-amhránaithe traidisiúnta na hAlban.

Ná déantar dearmad go bhfuil clú agus cáil air mar phíobaire agus, le déanaí, mar fhear hip hop go deimhin.

Ag labhairt dó le NÓS, dúirt an tAlbanach ildánach go bhfuil sé go fóill thar a bheith tábhachtach dó go mbeadh na sean-amhráin óna cheantar dúchais, ar cuid mhór dá oidhreacht iad, “á chur amach ansin” aige.

“Tá traidisiún láidir amhránaíochta i mBaile a’ Chaolais a’ Tuath agus ceantar Loch Abar, nár caitheamh an oiread solais air go fóill,” arsa Griogair.

“Mothaím go bhfuil lámh agam i dtaobh an traidisiúin sin a choinneáil ag gabháil, chomh maith leis an chanúint áitiúil, stair na háite agus na sean-chleachtais a bhaineann leis an cheantar.”

Griogair 3

Seo an dara huair a ainmníodh an t-amhránaí sa rannóg chéanna.

Ainmníodh é ar dtús tar éis dó a chéad albam aonair a sheoladh siar in 2007.

“Ta mé anseo i gcónaí, ag gabháil do na sean-amhráin, mar chuid den traidisiún beo agus is deas an rud é aitheantas mar seo a fháil ón phobal Gàidhlig,” ar sé.

Dílis agus tuisceanach don traidisiún mar aon le bheith trialach, cruthaitheach agus cumasach: is teacht le chéile damanta é.

Éiríonn le Griogair imeacht ón sean-mhúnlú traidisiúnta nuair is mian leis, ardáin úra a bhaint amach agus filleadh ar ais arís nuair a bhuaileann an fonn é.

Is cruthúnas é an t-ainmniúchán is déanaí seo don ghradam traidisiúnta ar an fhírinne sin, agus is amhlaidh an scéal leis an chuireadh a fuair sé teacht isteach i dtreibh an Afro Celt Sound System an samhradh seo caite.

Bígí ag súil le Griogair a bheith ag rapáil leis ar an sean-dóigh ar albam nua Afro Celt a eiseofar sa bhliain úr, i dteannta réaltaí an mhórghrúpa, agus aíonna eile ina measc Davey Spillane, baill Shooglenifty agus amhránaithe ó iarthar na hAfraice.

“Mothaím go bhfuil ceangal agus tréith iontach suimiúil idir ceol Albanach agus ceol na hAfraice agus is onóir mhór dom é a bheith páirteach san albam.”

Caith vóta do Ghriogair anseo.