Amhráin ghrá an tSamhraidh
An 3ú halbam aonair seolta ag Gaby Hernandez

Seo chugainn ceann d’eisiúintí an tsamhraidh, gan aon agó.

Fuaim aoibhinn mheisciúil atá le clos ar Spirit Reflection, an 3ú halbam aonair de chuid Gaby Hernandez – amhránaí de shliocht Sileach as LA na Stát Aontaithe agus bean atá ina ball bunaidh den ensemble frithchogaidh, Build An Ark.

Amhráin iad ‘Messy Love’ agus ‘Super Nova Lovers’ ar ceart éisteacht leo i do luí leathnocht faoi chrann cócó.

Nó agus miotú á dhéanamh agat ar chraiceann grianbhruite do ghrá ghil roimh thús na bog-iomrascála.

Fuaimriain d’ardú paisin tar éis don ngrian dul faoi.

Tá éadach ceoil Spirit Refelection sníofa as sraitheanna de cheol leictreonach, armóiní gutha agus rithimí andúchasacha Mheiriceá Theas, le cabhair nach beag ó léiritheoirí mar Carlos Ninos (AmmonContact) agus Dexter Story, gan trácht ar an sacsafónaí ildánach Kamasi Washington.

Tá glór Hernandez féin bog milis; meascán idir mealltacht shíodúil Sadé agus iontonú lúfar Joni Mitchell.

Déanann poirt mar ‘Windwaves’ láchín le do chluasa, sea, ach tugann píosaí mar ‘Lo Mas Dulcé’ agus ‘Into Oya’ faoin gcineál comhleá bríomhar ceoil a bhíonn á chleachtadh ag leithéidí Clap! Clap! na hIodáile.

Amhráin ghrá iad seo ar fad, is cuma iad canta i mBéarla nó Spáinnis.

Éiríonn le Hernandez scríobh go sochreidte faoi gach gné de shaol-ré an chaidrimh, ó theaspach paiseanta an túis (“we burst into a lovers’ explosion” ar ‘Super Nova Lovers’) go holc agus neamhréasún an scartha (“Now you’re using that against me / But you knew it when you met me“, ‘Stay A While’), agus dathanna na mothúchán ar fad idir eatarthu (‘I Will Keep You’, ‘Boabab Tree’).

Is deacair ceol chomh súmhar, dáiríre leis seo a léiriú gan saothar ró-mhilis atá lofa le sean-nathanna ar ábhar an ghrá a bheith mar thoradh agat.

Fiosracht a mheall go Spirit Reflection ar dtús mé, ach is pléisiúr an chúis an t-albam a bheith ar mo sheinnliosta ó shin.

É sin is an dea-aimsir, is dócha!