‘Amhrán na dTúrcaithe’
Le Bróna McVittie


Lá Nollag atá ann agus beidh neart turcaithe á n-ithe timpeall na tíre inniu!

Seo chugaibh mar sin ‘Amhrán na dTurcaithe’ leis an amhránaí agus ceoltóir Bróna McVittie.

Tá cóiriú déanta ag Bróna ar amhrán traidisiúnta agus beochan aoibhinn curtha leis ag na ‘Corkbots’.

Bíodh lá, agus béile, iontach agaibh agus coinnígí an turcaí bocht in bhur smaointe!

Nollaig Shona a Nósadóirí!


Amhrán na dTurcaithe

Níl craic ar bith bheith i do thurcaí um Nollaig,
Níl craic ar bith!
Níl craic ar bith a bheith i do thurcaí, níl.

Tá sé maith go lear sa samhradh,
Bíonn muid sásta ar an fheirm,
Ach nuair a thagann an Nollaig,
Bíonn eagla mhór orainn!

Tá muid cairdiúil leis na cearca,
Tá na lacha cairdiúil linn,
Ach nuair a thagann an búistéir,
Ó! Ní maith linn sin!