Amhrán na hAoine:
‘Caife agus Toitíní’ le hEoin Snyder


Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nuachumtha Gaeilge.

An tseachtain seo, labhair Eoin Snyder, amhránaí agus cumadóir óg, linn faoina amhrán ‘Caife agus Toitíní’.

Taifeadadh ‘Caife agus Toitíní’ i gColáiste Lurgan anuraidh nuair a bhí Eoin ag obair ann mar chúntóir.

Is minic an ceoltóir cumasach seo ag baint leasa as an troitheán lúibe (loop pedal) ina chuid ceoil, rud a chothaíonn fuaim bhreá láidir, mar atá anseo aige.

Is as Cill Chainnigh d’Eoin ó dhúchas ach tá sé ina chónaí san ardchathair faoi láthair agus é ag gabháil do chúrsa ceoil.

Chomh maith le bheith ag seinm ina aonar, is ball é den díséad dóighiúil JOAN.

Tá Eoin ag súil le pilleadh ar Indreabhán an samhradh seo agus tuilleadh amhrán Gaeilge a thaifead dúinn!

Idir an dá linn, breathnaigh ar fhíseán ‘Caife agus Toitíní’ agus tabhair cluas le héisteacht dó anseo.

1) Cad é an cúlra atá ag ‘Caife agus Toitíní’’?

Chuaigh mé le haghaidh cupán caife den chéad uair le cailín a raibh spéis agam inti.

I mo bharúil-se, níl aon rud níos fearr ar domhan ná caife deas agus toitín ach bhí mé ag ligean orm féin nár chaith mé mar nach raibh an oiread sin aithne agam uirthi.

Tharla gur réitigh muid go han-mhaith le chéile agus bhí an dara cupán agus an tríú cupán caife againn.

Spreagadh mé le hamhrán a chumadh ina dhiaidh sin faoin dúil a bhí agam i gcaife agus toitíní le chéile.

2) Cén teachtaireacht ar leith atá san amhrán?

Níl aon teachtaireacht ann seachas ‘ná caith tobac’! (Gáire)

3) An bhfuil líne ar leith ann a thaitníonn leat?

Is maith liom an véarsa!


Liricí: Caife agus Toitíní

Thóg tú mo mheon, thóg tú mo ghrá ar fad
An mbeidh tú in ann iad a choimeád? Ní bheidh mé rófhada.

Le mo chaife, gan mo thoitíní, a bhabaí,
Tá mó chroí ag léim amach as do lámh
Le mo chaife, ach tá nicitín de dhíth
An mbeidh tú in ann..?
Ó, beir greim ar mo ghrá
Ó mo ghrá

Thóg tú mo mheon, thóg tú mo ghrá ar fad
An mbeidh tú in ann iad a choimeád? Ní bheidh mé rófhada.

Le mo caife, gan mó thoitíní, a bhabaí,
Tá mo chroí ag léim amach as do lámh
Le mo chaife, ach tá nicitín de dhíth
An mbeidh tú in ann..?
Ó beir greim ar mó ghrá
Ó mo ghrá
Ó mo ghrá


Beidh Eoin Snyder i mbun cainte le Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár tráthnóna inniu idir 3-4in. Coinnígí ar an eolas faoi cad atá ar siúl ag Eoin ar Facebook agus Twitter.