Amhrán na hAoine:
‘Marie’ le muintir Snyder


Sa mhír seo tugaimid cluas le hamhrán nuachumtha Gaeilge ar leith.

Is é Eoin Snyder, amhránaí agus cumadóir as Cill Chainnigh, atá ar ais linn an tseachtain seo le labhairt faoina amhrán ‘Marie’.

As an chlann cheolmhar chéanna iad Eoin, Noah (fear an phianó) agus Andi, agus tháinig siad le chéile chun an t-amhrán seo a thaifeadadh agus iad i gColáiste Lurgan i mbliana.

Is amhrán é in ómós dá seanmháthar, Marie Costello, a d’éag i mí Iúil seo caite.

Tar éis na sochraide tháinig siad triúr ar ais go Coláiste Lurgan agus thaifead siad an t-amhrán álainn seo in éineacht le daltaí eile ar Chúrsa B.

eoinagusnoah

1) Cad é an cúlra atá ag ‘Marie’?

Is amhrán é a scríobh mé seachtain tar éis gur cuireadh mo mhamó.

Bhí píosa beag ama agam liom féin i seomra ranga agus tháinig sé amach asam taobh istigh de leath uair an chloig.

2) An bhfuil teachtaireacht ann?

Bain taitneamh as an saol mar a rinne Marie. Is ceiliúradh é ar an saol, ar a saol.

Ní raibh mé ag iarraidh amhrán brónach a dhéanamh ná a bheith ag díriú ar a bás.

3) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

“Dá gcloisfeadh tú í, bheadh do chroí ag léimt go dtí go sroicheann tú an leaba, Marie”

Thóg mé sin ón aitheasc a scríobh mo mham.


Liricí: Marie

An cuimhin leat an t-am, ní raibh aon fhíon ann, a’dteastaíonn buidéal eile? Marie
An dúch sin ar mo lámh, a thaispeánann mo ghrá, níl sé ann go fóill, Marie
An chaint ar feadh an lae, ní raibh aon rud ann le pléigh, bhí rud amháin le rá, Marie

Le croíthe tiubh ‘s lán, le súile dúnta bán, ooohh, Marie
‘S teastaíonn ár gcuid lámh, chun ár ngrá a thaispeáint oohhhh, Marie

An tseachtain dar gcionn, ag siúl chuig an mbun, do dhroim ar mo ghuailleán, Marie
Éalú ó do chuid strus, tar éis a thit mé ar mo chos, phioc tú amach an smideadh, Marie
Dá gcloisfeadh tú í, bheadh do chroí ag léimt go dtí a shroicheann tú an leaba, Marie

Le croíthe tiubh ‘s lán, le súile dúnta bán, ooohh, Marie
‘S teastaíonn ár gcuid lámh, chun ár ngrá a thaispeáint oohhhh, Marie
Le croíthe tiubha ‘s lán, le súile dúnta bán, ooohh, Marie
‘S teastaíonn ár gcuid lámh, chun ár ngrá a thaispeáint oohhhh, Marie

‘S dhún tú do shúil’ ar an darna lá d’Iúil, ooohh, Marie


Tá Eoin ag tabhairt faoi chéim sa cheol faoi láthair i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag súil go mór le Gradaim Cheoil NÓS sa bhliain úr! Leanaigí ar Facebook anseo é.