Amhrán na hAoine
'Foirfe Liom' le Matt Ó Baoill & Fiasco


Is í an Aoine í agus tá sé in am d’amhrán nuachumtha Gaeilge!

An iarraidh seo, tá an cumadóir agus amhránaí óg Matt Ó Baoill linn le labhairt faoina amhrán ‘Foirfe Liom’.

Teacht le chéile atá san amhrán grá gealgháireach seo idir Matt agus an léiritheoir idlánach Fiasco, aka Eoin Finnegan.

Cé gurb é seo a chéad amhrán i nGaeilge le Fiasco, bíonn Matt, atá lonnaithe i gCill Dara, ag casadh sa ghrúpa hip hop Tebi Rex chomh maith.

Bhain ‘Foirfe Liom’ áit amach ar ghearrliosta ‘Amhrán na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS i mbliana agus tá muid ag súil lena thuilleadh amhrán Gaeilge a chloisteáil uathu sa bhliain amach romhainn!

Léigh faoi agus tabhair cluas le ‘Foirfe Liom’ anseo.

1.) Cad é cúlra an amhráin?

Bhí mé tamall de bhlianta ag obair i gColáiste Lurgan agus le saol ceolmhar an choláiste. Uaidh sin spreagadh mé le hamhrán a chumadh i nGaeilge agus nuair a thosaigh mé i Raidió na Life chuir cara liom an léiritheoir Fiasco in aithne dom.

2.) An bhfuil teachtaireacht ar leith ag an amhrán?

Amhrán grá atá ann, faoi chailín, tá a fhios agat féin.

3.) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Ar mhaith leat suí in aice liom
Ní gá duit aon rud a rá liom

…ar do shaimhín só le do ghrágheal!


Líricí: Foirfe Liom 

Tuigim seo, ach ní thuigim sin,
Bíonn tú I gcónaí, I gcónaí ar m’intinn
Ar mhaith leat suí in aice liom
Ní gá duit aon rud a rá liom

Mothaím an ghrian ag teacht I leith,
Ba bhrea liom mo lámh a bheith I do lámh

Ná bí buartha ta sé foirfe dom
Ná bí buartha tá sé foirfe liom
X2

Is tú mo chiste, tú mo síthe ‘s tú I do bhanríon
Má fhánfaidh tú anseo, ní bheidh mé in ísle brí arís
X2

Mothaím an ghrian ag teacht I leith,
Ba bhrea liom mo lámh a bheith I do lámh

Ná bí buartha ta sé foirfe dom
Ná bí buartha tá sé foirfe liom
X 2


Beidh Tebi Rex ag seinm sa Bello Bar, Baile Átha Cliath, ar an 16 Feabhra. Leanaigí anseo iad.