Amhrán na hAoine
'Bígí leis an Rí', le Daire Mc Bride


Tá sé in am do mhír cheoil na hAoine!

An iarraidh seo, tá an t-amhránaí óg Daire Mc Bride, as Maigh Nuad ó dhúchas, linn le labhairt faoina amhrán ‘Bígí leis an Rí’.

Amhrán é a phléann leis an ghaol idir grá agus draíocht, a chum sé dá chara Keith (fear an an tsacsafóin ar chlé) agus a raibh deis aige é a thaifeadadh nuair a bhí sé i gColáiste Lurgan.

Idir raic agus ceol tíre, is breá le Daire gach seanrá ceoil agus is minic é ag cur uaireanta an lae isteach i mbun ceoil agus cumadóireachta.

Faoi láthair, tá sé ag obair i dtreo albam a chur amach agus é ar bís ar fad faoi!

Bhain ‘Bígí leis an Rí’ áit amach ar ghearrliosta ‘Amhrán na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS 2017 agus tá muid ag súil lena thuilleadh ceoil a chluintint ó Dhaire amach anseo.

Léigh faoi anseo!

1) Inis dom faoi chúlra an amhráin

Thosaigh cara liom, a mbím ag casadh ceoil leis go minic, ag siúl amach le cailín agus bhí sé thar a bheith tógtha léi.

Bhí sé go mór ag iarraidh píosa ceoil nó amhrán a chumadh di ach bhí sé cinnte nach raibh sé in ann tabhairt faoi.

Chuaigh mé i bhfolach mar sin agus chum mé an t-amhrán faoi mo chara Keith, a bhí iomlán faoi gheasa ag a chailín.

2) An bhfuil teachtaireacht ar leith ann?

Is amhrán é faoin cheangal idir grá agus draíocht.

3.) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Is maith liom an píosa faoin draíodóir! Cothaíonn sé íomhá dheas!

Liricí ‘Bígí leis an Rí’

Caithfidh mé scéal a rá díobh,
Tharla sé fadó fadó.
Thug sí a croí,
ach rinne sí a bhfad níos mó.
Shiúl sí, í féin agus an rí, ar na réalta agus siúlann siad ann go deo.
Níor thóg sé ach soicind amháin
anois tá siad ar a sáimhín só.

CURFÁ

An draíodóir leis an ngruaig dhubh,
tá sí ag seasamh i mo shlí,
ag tnúth go mór le rá go mo phaistí faoin am s’ an áit a chonaic mé í.
Chaith mé mo chuid ama ag labhairt leat,
tá scileanna a’t, atá cosúil le draíocht,
tar anseo a bheabaí agus bí leis an rí.

Thosaigh mé ag gaire nuair a feicim thú ,
Ba cheart go mbeimid ag cur am amú,
Siúlann sí, í féin agus an rí ar na réalta agus siúlann siad ann go deo,
Níor thóg sé ach soicind amháin,
anois tá siad ar a sáimhín só.

CURFÁ X 1