Amhrán na hAoine:
Go Deo, Go Deo, le IMLÉ

Is í an Aoine í agus ciallaíonn sé sin rud amháin ar NÓS, tá sé in am dúinn cluas a thabhairt d’amhrán nuachumtha Gaeilge.

An iarraidh seo tá Cian Mac Cárthaigh linn, ón bhanna IMLÉ, le labhairt linn faoin amhrán
‘Go Deo, Go Deo’, a chum sé féin agus Fergal Moloney (thíos), amhránaí agus giotáraí sa bhanna.

Amhrán frith-chogaíochta atá ann, a tharraingíonn glórtha doimhne draíochtúla Fergal agus Marcus Mac Conghail le chéile.

Agus iad buacach sa rannóg ‘Amhrán na Bliana’, tá lúcháir orainn a fhógairt go mbeidh físeán ceoil den amhrán seo á thaifeadadh ag na leaideanna sna laethanta beaga amach romhainn.

Tugaigí cluas do ‘Go Deo, Go Deo’, agus léigí faoi, anseo!

Inis dom faoi chúlra an amhráin?

Tháinig an t-amhrán seo chun cinn tamall sular cuireadh tús le IMLÉ. Bhí amhráin le cumadh ag Fergal do thionscadal ollscoile – bhí sé ag déanamh cúrsa ceoil – agus thug mé cúnamh dó amhrán Gaeilge a chumadh.

Go bunúsach, is scéal atá san amhrán. Litir atá ann ó bhean atá ag scríobh chuig a fear céile atá ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda.

Sa litir tá an bhean ag rá nach bhfuil sí i bhfabhar cogaidh agus gur cheart dó (an fear céile) a bheith sa bhaile leo.

Nuair a bhí Fergal ag gabháil don amhrán, bhí go leor cainte faoin Chéad Chogadh Domhada agus faoin oiread a thit amach ar fud an domhain. Ní bhaineann sé le hÉireannaigh amháin ach le gach tír agus gach bean agus teaghlach.

An bhfuil teachtaireacht ar leith san amhrán?

Is féidir le daoine a gcuid féin a dheanamh d’aon amhrán ach is dóigh liom gur theastaigh uainn an taobh daonna den chogaíocht a chur in iúl.

Tá na liricí oscailte agus simplí go leor.

Ag amharc siar, sna seanlaethanta, ní raibh bealach ar bith le teagmháil a choinneáil le daoine seachas litir a scríobh. Is léiriú an-mhaith iad na litreacha ar na caidrimh a bhí ag saighdiúirí.

Ná déanaimis dearmad go bhfuil scéal eile ag gach duine, pé taobh ar a bhfuil tú, pé cogadh atá i gceist.

An bhfuil líne ar bith a thaitníonn leat?

Bí liom anois, i mo chroí ‘s mo leaba

Canann Fergal an líne seo go deas!

Liricí: Go Deo, Go Deo

Fear le bród ‘is anam freisin,
Ag brath ort, is ag siúl leat,

Ag troid ar son ár dtír,
Ach tá clann breá óg anseo,

ag feitheamh ort,
go deo, go deo, gan stad

Bí liom anois,
i mo chroí i mo leaba,

ná déan dearmad ar sin
is tusa fear an tí,

Bí liom anois,
mo fhear mór cróga

Nuair a fhilleann tú,

ná bí i gcónra

níl, uaidh saighdura uaim,

bí beo, bí beo, is slán.

Bí liom anois,
i mo chroí i mo leaba,

ná déan dearmad ar sin
is tusa fear an tí,

Bí liom anois,
mo fhear mór cróga


Beidh IMLÉ ag tabhairt a gcuid ceoil ar fud na tíre sna laethanta beaga amach romhainn. Tuilleadh eolais anseo.

16 Feabhra – An Siopa Leabhar, BÁC.
4 Márta – Áras na nGael Gaillimh
7 Márta – The Ruby Sessions Baile Átha Cliath
10 Márta – Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Béal Feirste