Amhrán na hAoine:
'Solas' le Seo Linn


Is í an Aoine í agus tá sé in am dúinn cluas a thabhairt d’amhrán nuachumtha Gaeilge.

An tseachtain seo, labhair muid le príomhamhránaí Seo Linn, Stiofán Ó Fearail, faoina n-amhrán spreagúil ‘Solas’, an chéad singil agus teidealrian debut Seo Linn.

Amhrán séimh mothálach is ea é á thionlacan ag Ceolfhoireann Óige Chorcaí.

Agus #3 bainte amach ag ‘Solas’ i gcairt  iTunes sa bhaile, tá aghaidh tugtha ag na leideanna ar an Astráil, áit a mbeidh siad ag cur roinnt ceoilchoirmeacha i láthair.

Beidh muid in ann súil a choinneáil ar a bhfuil ar siúl acu thall san Astráil inniu, nuair a bheas i mbun chuntas TG4 mar chuid d’fheachtas Gael-Snap an stáisiúin teilifíse.

Léigh faoi ‘Solas’ thíos

1.) Cad é cúlra an amhráin?

Bhí íomhá inár gcloigne againn d’fhear sna 30í a bhí ag siúl fríd coill agus culaith air a chaithfeadh sé ar an obair.

Bhí sé ag machnamh faoi na rudaí a bhí ar intinn aige a dhéanamh ina shaol nuair a bhí sé óg nach bhfuil déanta aige.  Tosaíonn sé ag pleidhcíocht sa choill, agus é ag pilleamh ar a óige.

An físeán a thagann leis, tá sé gaolta leis an smaoineamh sin ach tá sé i bhfad níos oscailte.

2.) Cén teachtaireacht atá ann?

Sos a thógáil, aer úr a fháil agus deis a thabhairt don fhíordhuine a theacht chun cinn.

Tá daoine ag rá linn go mbaineann an t-amhrán le sláinte mheabhrach. Cé nach raibh sin go díreach ar intinn againn, is maith linn go bhfuil daoine ag teacht ar an tuiscint sin.

3.) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

“Bíodh leat ‘s ná lean an té a lean…”

Líne a thagann leis an smaoineamh sin nár cheart a bheith fágtha ar an mbóthar nach bhfuil leagtha amach duit.

An bóthar is éasca ach nach bhfuil ceart duit. Spreagadh atá ann do bhealach féin a dhéanamh.


LIRICÍ: Solas 

Véarsa 1
Is minic triail a d’fhan liom le fada ‘na dhiaidh
‘Dá mhéad an stró ‘sea ‘s fhearr na ceachtanna’
Tá mé ag siúl liom gan beann orm féin ná’r mo threo
Anois caithfidh mé tiontú ‘s filleadh ar ais chun bairr

Curfá
Seod an lá
A leagadh amach dom, rith liom i gcónaí im chroí
‘S tá
An solas ag titim, ag síleadh anuas ar an aoibh

Véarsa 2
B’í an lasair im chroí a spreag dom an tseanmhian,
Meangadh machnaimh ‘s mé i bhfolach ann
D’fhág mé an lorg ar lár an lá sin a rith mé
“Bíodh leat ‘s ná lean an té a lean…”

Curfá
Seod an l-am/lá
A leagadh amach dom, rith liom i gcónaí im chroí
‘S tá
An solas ag titim, ag síleadh anuas ar an aoibh

Droichead
Oh no ná bí ann – ins an dorchacht
Oh no ná bí ann – ins an bhforaois X2

Oh no ná bí ann – rith le solas
Oh no ná bí ann – ins an bhforaois
Oh bíodh tú ann ins an solas
Oh bíodh tú ann – tú ann – tú ann

Curfá
Seod an lá
A leagadh amach dom, rith liom i gcónaí im chroí
‘S tá
An solas ag titim, ag síleadh anuas ar an aoibh

Amach:
B’í an lasair im chroí a spreag dom an tseanmhian,
Meangadh machnaimh ‘s mé i bhfolach ann

Is féidir an t-albam Solas a íoslódáil ó iTunes agus Google Play.