Amhrán na hAoine:
‘Amhrán na nGael’ le Méabh Ní Bheaglaoich

Is í an Aoine í agus ciallaíonn sin rud amháin ar NÓS… tá sé in am d’amhrán nuachumtha Gaeilge!

An tseachtain seo, tá an boscadóir agus amhránaí óg Méabh Ní Bheaglaoich linn, an bealach ar fad ón Daingean, Contae Chiarraí, le labhairt faoina hamhrán ‘Amhrán na nGael’.

Lán ceoil agus reacaireachta, is amhrán fuinniúil máirseála is ea é, a ghlaonn ar Ghaeil na tíre cuimhneamh ar an saibhreas teanga agus cultúir atá ionainn go smior.

Sciob ‘Amhrán na nGael’ an dara háit i gComórtas Amhrán Nua na Féile Pan-Cheiltí i gCeatharlach i mbliana.

Taifeadadh an leagan beo seo oíche an chomórtais, le tionlacan ón bhfidléir Rosie McKenzie, an t-amhránaí Paidí Mhárthain Mac Gearailt agus an giotáraí Gary O’Brien.

Tá sé i gceist ag Méabh an t-amhrán a thaifeadadh sa stiúideo amach anseo agus tá muid ag súil go mór leis!

Éist le ‘Amhrán na nGael’ agus léigh faoi anseo.

1. Cad é cúlra an amhráin?

Bhí fonn na máirseála cumtha agam le cúpla bliain agus tháinig na focail seo chugam tar éis dom a bheith ar dheireadh seachtaine leis an seó Aisling, a thug ealaíontóirí ó na Gaeltachtaí éagsúla le chéile.

Bhí muid ag caint agus ag comhrá inár gcanúintí féin faoi gach aon saghas ruda ar feadh an deireadh seachtaine. Bhí sé go haoibhinn.

Músclóidh paisean, fearg, bród agus gach aon saghas mothúcháin ionaim don teanga, don chultúr agus don baile.

2. Cén teachtaireacht atá ann?

Glaoch atá ann do mhuintir na tíre.

Tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuil an oiread sin saibhris atá againn anseo, leis an gceol, leis an dteanga, leis an stair, leis an bhfilíocht, leis na healaíona i gcoitinne.

Tá ná haon rud againn sa tír seo. Agus cé go bhfuil go leor rudaí seachtracha ag brú isteach orainn, tá muid láidir a dhóthain le dul ina gcoinne.

3. An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Is maith liom an líne seo: “An bhfuil ár dtodhchaí sna leabhair staire anois go deo?”


Liricí: ‘Amhrán na nGael’

Véarsa 1

Cá bhfuil croí, anam corp is spiorad na nGael?
Cá bhfuil an grá, an bród dár gcine féin?
Imithe le sruth, táimid gann, briste suas le fonn,
Mar sheana churach, fágtha, feoite, fuar.

Véarsa 2

Seo am an ghátair! s tá an Róisín tinn ag feo,
An bhfuil ár dtodhchaí sna leabhair staire anois go deo?
Ach sinne clann Chú Chulainn tréan is laochra Ghráinne Mhaoil,
“S tá!n cinneadh anois fúinn féin, cinniúint na nGael.

Véarsa 3

Ráite
Táimid tréigthe againn féin, imithe ó!n bhfírinne,
Ag maslú ár sinsear, ár n-oidhreacht, ár gcuid féiniúlachta,
Má tá na Gaeil imithe, caillte, básaithe,
Is mar gheall orainne-féin go bhfuil sé fíor.
Tá an scáthán anseo.
Féach anois!
Cé hí mise? Cé hé tusa? Cé hiad sinne?

Curfá
Sinne Éire, sinn! Gaeil le bród is brí,
Nár leagfaí choíche sinn! s ár dtine fhíain, ár mbuile, cuisle, croí,
Lasaimis lóchrann ár sinsir, sprioc ár saol,
Seas is can go tréan Amhrán na nGael.
(Briseadh ceoil)

Véarsa 4

Cá bhfuil croí, anam, corp is spiorad na nGael?
Cá bhfuil an grá, an bród dár gcine féin?
Mar sinne clann Chú Chulainn tréan, is laochra Ghráinne Mhaoil,
“S tá!n cinneadh anois fúinn féin, cinniúint na nGael.

(Curfá x 4)
Amhrán na nGael