Amhrán na hAoine:
‘Faoiseamh’ le Spats Colombo

Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair Micheál Ó Ciaraidh ón ghrúpa Spats Colombo linn faoina n-amhrán ‘Faoiseamh’.

Is amhrán beoga é ‘Faoiseamh’ a bhfuil séis cheoil láidir agus blas ska go smior ann.

Beidh sé ar an chéad rian ar debut EP an bhanna, Caught in a Bind, a sheolfar go luath.

Grúpa spreagúil iad Spats Colombo, déanta de réaltaí TG4, atá ag teacht chun cinn go mór le bliain anuas.

Is é fear an doird, Breandán, an t-aon duine acu nach bhfuil ag obair leis an stáisiún Gaeilge.

Seisear ceoltóirí atá sa bhanna, na hamhránaithe Simon Nobel, Caroline Doohan agus Rhona Ní Chearbhaill; Mícheál Ó Ciaraidh ar an fhidil, Colmán Mac Séalaigh ar na drumaí agus Breandán Feeney ar an dord.

Faoi láthair tá na Spatadóirí ag fáil réidh d’fheiltí ceoil an tsamhraidh agus iad ag tnúth go mór, mar atá muidne in oifigí NÓS, lena n-eisiúint úr a sheoladh gan mhoill.

Éist le ‘Faoiseamh’ agus léigh faoi chúlra an amhráin thíos!

Cad é an cúlra atá ag Faoiseamh?

Simon Nobel a chum an t-amhrán an chéad lá i mBéarla ach bheartaigh muid é a dhéanamh i nGaeilge.

Cloí muid le bunphlota an amhráin mar a bhí sé ach scríobh Róisín Ní Eadhra i nGaeilge é agus measaimid gur oibrigh sé níos fearr.

Tá muid an-bhródúil as.

Cén teachtaireacht atá ann?

Is comhrá inmheánach é. Tá rithim bhríomhar leis ach pléann sé le hábhar dorcha. Díríonn sé ar na fadhbanna a bhaineann le saol an lae inniu, an dóigh a bhfuil muid gafa leis an teicneolaíocht, gafa inár n-intinn féin agus leis an mhéid guthanna éagsúla atá ag dul timpeall ár gcloigne.

An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Is maith liom na línte is simplí san amhrán ar nós…

Trom, trom, trom, tromluí orm agus Dubh, dubh, dubh, dúch orm

Focail ghairid shimplí atá sna línte seo ach cuireann siad mothúcháin láidre in iúl, a mbíonn deacrachtaí ag daoine a phlé, agus oibríonn sé go maith san amhrán.


Spats

Lirící: Faoiseamh

Míle is céad cara a’m anocht
Ina dhiaidh sin féin tá mé i m’aonar
Ag éisteacht leis na glórtha i mo cheann
Brú an cnaipe ‘s múch na smaointí síoraí

Focail caite, Seans caillte
Anonn ‘s anall arís arís eile
An chaint ina chiorcal i mo cheann
Sioscarnach dorcha na hoíche

Chorus:
Níl fhios ad’ cé thú fhéin níos mó
Ná níl fhios ad’ cá’il tú ag dul amú
Ag ligint ort go bhfuil tú ar do sháimhín só
Nuair nach bhfuil uait ach beagáinín
Faoisimh
Faoisimh

Trom, trom, trom, tromluí orm.
Tuirseach, tinn den torann i mo chloigeann
Cnag im cheann – ná bí beag beann
Ó faraor géar…táim sáinnithe ann

Dubh, dubh, dubh, dúch orm
Níl an milleán ortsa nár thug tú slán mé,
Cén chaoi a dtuigfeadh tú mo chás,
Nuair nár thuig mé fhéin ach glaoch an bháis.

Cúrfa X 2


Tá muid cheana féin ag súil le Spats Colombo a bheith ag racáil leo ag Ravelóid, mí an Mheithimh seo chugainn! Idir an dá linn coinnigí ar an eolas faoi cad atá ar bun acu ar Twitter: @spatsc