Amhrán na hAoine:
'Feicim Ór' le Rís


Gach Aoine tugaimid cluas le hamhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair Richie Ó hEadhra ón bhanna Rís linn faoina n-amhrán ‘Feicim Ór’, a chum sé féin agus a dheartháir Breandán.

Rac-amhrán láidir a bhfuil rif chumhachtach ag rith tríd agus a insíonn scéal na himirce síos tríd na glúnta go dtí an lá inniu.

Richie, Breandán, PJ McDonagh agus Pat Ó Neill atá i Rís, grúpa as Conamara ar ceannródaithe iad sa ghluaiseacht nuacheoil Ghaeilge.

Taifeadadh ‘Feicim Ór’ ar Yahú, an tríú albam leis na leaids, a seoladh anuraidh.

Tá lucht leanúna dílis bainte amach ag Rís thar na blianta agus ní ionadh ar bith é i bhfianaise na beochta spleodraí a chuireann siad isteach ina gcuid ceolchoirmeacha ar stáitse – bhuaigh siad ‘Gig Bheo na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS 2015.

Éist le ‘Feicim Ór’ anois agus léigh faoi chúlra an amhráin thíos.

1) Cad é an cúlra atá ag ‘Feicim Ór’?

Tháinig an rif chugam ar dtús agus chum Breandán agus mé féin na focail ina dhiaidh sin. Laistigh d’uair an chloig a bhí sé scríofa uilig againn.

Tagann muid suas leis na liricí nó an ceol ar dtús agus bailíonn muid le chéile mar ghrúpa chun cruth agus corp a chur air.

2) Cén teachtaireacht atá ann?

Fágann muid suas do dhaoine a léamh féin a bheith acu air ach is scéal é faoi fhear as Leitir Mór atá thall i Meiriceá sa lá inniu.

Tá sé ag smaoineamh siar ar cén fáth a raibh air dul ar imirce agus cén fáth nach bhfuil mórán athruithe ón am a raibh ar a athair féin dul ar imirce.

Is amhrán an-tráthúil atá ann leis an oiread as Éirinn atá ag imeacht ón tír.

3) Inis dúinn faoi theideal ‘Feicim Ór’.

Baineann an t-amhrán le tábhacht an bhaile. Samhlaíonn an fear seo an baile mar a bheadh ór ann.

Is cuma cén áit a gcuireann tú fút: an áit ar rugadh is ar tógadh thú, sin an baile i gcónaí.

Sin an áit a gcruthaítear na smaointe órga sin.

Fiú amháin mura raibh sé ró-mhaith, rudaí a cheap tú a bheith cineál shit nuair a bhí tú óg, nuair a bhreathnaíonn tú siar air smaoiníonn tú raibh sé iontach.

Fiú mura raibh, bíonn dáimh agus mothúcháin ar leith agat leis an mbaile.


Liricí: Feicim Ór

Níl do gháirí sa le cloisteáil san áit seo

Tá do Mhama croí bhriste, le deora
Idir saoirse & daoirse, tá na mílte imigh uainn,
We thought those immigration songs were over my friend.

Tá mé ag siúl i mbróga m’athair
The land of the brave and the home of the free
Oh the land of the brave is no home for me

I mo chroí, feicim Leitir Móir agus Tír an Fhia,
Na daoine bochta a chuaigh romhainn a stór,
Mar nuair a smaoineoin orthu, feicim ór

Caite siar, ag smaoineamh ar an dream a d’fhág mé thiar,
Nach mór an náire an scaradh ‘s éagóir
Mar nuair an smaoiním orthu, feicim ór.

Feicim ór, ór i gcroíachaí (gcroíthe) na ndaoine
I nádúr dheas mo mhuintir,
Feicim ór, ór ag imirt peil ar an Máimín, ag crochadh bratach Leitir Móir,
Feicim ór, Feicim ór, Feicim ór


Tiúnaigí isteach go RnaG idir 3-4 inniu, tráth a mbeidh Richie i mbun cainte le Rónán Mac Aodh Bhuí. HUP!