Amhrán na hAoine
‘Ní Raibh Tú Ann’ le Saidhbhe Ní Chuilinn


An Aoine atá ann agus tá muidne ar ais le hamhrán eile chun tús breá ceolmhar a chur leis an deireadh seachtaine!

Inniu is í Saidhbhe Ní Chuilinn, bean óg as Uíbh Fhailí, atá sa spotsolas lena traic féin ‘Ní Raibh Tú Ann’.

Bhain Saidhbhe céim sa Cheol agus sa tSíceolaíocht amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh le déanaí agus bíonn sí ag cumadh agus ag ceol léi ina ham féin.

Tá amhrán eile dá cuid, ‘Taibhsí i mo cheann’, tar éis breis agus 20,000 radharc a mhealladh ar líne le trí bliana anuas agus is cinnte go mbeidh tóir mhór ar an cheann is déanaí seo chomh maith.

Thaifead sí é i gColáiste Lurgan agus, leis an tionlacan gleoite ó dhaltaí eile, chuirfeadh sé amhrán de chuid First Aid Kit i gcuimhne duit.

Éist leis, léigh faoi agus tacaigh leis an nuacheol Gaeilge!

Agus ná déan dearmad go mbeidh Saidhbhe ar Rónán Beo@3 inniu ag labhairt faoin amhrán agus faoina cuid ceoil.

1. Cad é cúlra an amhráin?

Tagraíonn sé d’aon uair sa saol nach mbíonn na daoine is tábhachtaí dúinn ann.

Is dócha go bhfuilim ag caint go meafarach faoin easpa tacaíochta a fhaighimid in amanna nuair nach féidir le daoine eile bheith ann dúinn mar gheall ar rudaí, deamhain ar bhealach, ag cur as dóibh.

2. An bhfuil teachtaireacht ar leith ann?

Ní bhaineann an t-amhrán le mo streachailt féin ach leis an tuiscint go mbíonn daoine eile, muid ar fad is dócha, ag streachailt le fadhbanna éagsúla uaireanta.

Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag barróg nó ‘heileo’ nó fiú cupán tae, agus gan a bheith féinchúiseach ag déileáil le daoine.

3. An bhfuil líne ann a sheasann amach duit?

Bhuel tá sé deacair a rá go bhfuil líne amháin a thaitníonn liom ach tá na focail “Fanfaidh mé go ciúin is tú ag labhairt liom, lig don scáth seo a bheith imithe” láidir.

Domsa is í an líne a chuireann béim ar an teachtaireacht gurb iad na rudaí beaga a dhéanann an difear is mó uaireanta.


LIRICÍ: Ní raibh tú ann

A stóirín ní fhaca mé thú riamh ag caoineadh,
Céard atá i do chroí briste?
Tada ionat is tú tithe as a chéile,
Anois tá a fhios agam go bhfuil d’intinn scriosta.

Ná téigh ag obair, caith lá amháin liomsa,
Is inis dom faoi do chuid imní,
Fanfaidh mé go ciúin is tú ag labhairt liom,
Lig don scáth seo a bheith imithe.

Cúrfa
Ach ní, ní raibh tú ann nuair a bhí tú uaim,
Is anois, anois tá tú ann, go fóill…

Na soilse doléire is an domhan glórach,
Ní mhothaim uaigneach anois,
Ach an oíche a d’fhán mé thuas ag fánacht ortsa,
Ag súil go bhfeicfinn tú arís…

Cúrfa
Ach ní, ní raibh tú ann nuair a bhí tú uaim,
Is anois, anois tá tú ann, go fóill…