Amhrán na hAoine
'An Saol Rúnda', Oisín Mac

Is breá linn ar fad an Aoine agus bíonn dúil ar leith againne in oifigí NÓS ann mar go gciallaíonn sé go bhfuil amhrán nuachumtha Gaeilge le roinnt againn libh!

Inniu is é an rapálaí agus ceoltóir hip hop as Cill Mhantáin, Oisín Mac, atá sa spotsolas lena rian úr ‘An Saol Rúnda’.

Tá Oisín ag cumadh leis le tamall de bhlianta agus is minic ar ardán é ag gigeanna Gaeilge fud fad na tíre.

Aithnítear é mar gheall ar a liricí láidre agus a bhlas brodúil agus is amhlaidh an scéal lena amhrán nua.

Éist leis, léigh faoi agus tiúin isteach go Rónán Beo ar RTÉ RnaG inniu, áit a mbeidh Oisín ag caint le rí na réabhlóide é féin!

1. Cad é cúlra an amhráin?

“Tháinig lucht ‘Seo an Saol’ ó BBC Gaeilge chugam agus d’iarr siad orm amhrán nua a scríobh, a chumadh agus a thaifeadadh le haghaidh an chláir.

“Is é ‘An Saol Rúnda’ an toradh a bhí air agus thaifead mé an buntraic i stiúideo Raidió na Life i mBaile Átha Cliath, áit a mbímse ag obair go seachtainiúil.”

2. An bhfuil teachtaireacht ar leith ann?

“Is é an t-ábhar atá faoi chaibidil san amhrán ná na meáin shóisialta agus an chaoi a mbíonn muid ag cur i gcéill dá chéile ar leithéidí Facebook agus ag ligint orainn go mbíonn chuile shórt foirfe go síoraí seasta.

“An teachtaireacht ná nach gá dúinn íomhá bhréagach a chraoladh don saol mór agus go mba chóir dúinn bheith oscailte agus dáiríre lena chéile.

“Tá sé seo an-tábhachtach do dhaoine óga go háirithe atá ag fás aníos leis na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann.”

3. An bhfuil líne ann a sheasann amach duit?

“Cultúr an Photoshop is Hollywood ar chuile bhaile beag, ag déanamh creimeadh gan staonadh ar na cultúir leocaileacha uilig, agus muid ag craoladh ár saolta do dhaoine ar líne, ag cur i gcéill óna chéile lenár bpictúir próifíle.”

Liricí – An Saol Rúnda

Rugadh mé i nócha trí,
Is neach de chuid na nóchaidí,
Atá ionamsa fós go dtí,
An lá a imeos mo nósannaí,
Nuair a bheas mo bheocht imithe,
Ó mo cholainn saolta,
Le mo chomharsanaí ag cóisir tí,
Is mé á chuimhniú ina scéalta.

Bhí mé sna déaga sula bhfuair mé fón póca,
Ach chaith mé m’óige ar imeall an chósta,
Is muid ag dul amach, níor ghlacamar ach cóta,
Is níor tharla dúinn ach cúpla cos a bheith leonta,
Anois tá gasúir amaideacha ag úsáid guthán cliste,
Sula bhfuil siad sách sean le go mbíonn a ngutha briste,
Ag éisteacht le YouTube is ag déanamh aithris air,
Gafa ag an gclickbait tríd a gclaonadh don mhistéir.

Cultúr an Photoshop is Hollywood ar chuile bhaile beag,
Ag déanamh creimeadh gan staonadh ar na cultúir leocaileacha,
Agus muid ag craoladh ár saolta do dhaoine ar líne,
Ag cur i gcéill óna chéile lenár bpictúir próifíle,
Le híomha speisialta le haghaidh na meán sóisialta
Ag scríobh air go rialta le go mbíonn an íomha díolta,
Leis na meáin shóisialta agus leis na heacha riata,
Ach tosnaíonn an saol rúnda nuair a bhíonn an laptop dúnta,
Na rudaí laethúla mar a fheictear le bhur súile,
Rudaí beaga fánacha agus ábhar na cinniúna,
An grá is an ghráin is gach a bhfuil i ndán dúinne,
Idir craic is leadrán agus gach a bhfuil á rá fúinne.

Ná héist le dadaí atá ráite ag madaí na sráide,
Ag cur roc ina malaí faoi chailín atá cráite,
Nó ag geartháil faoin bhfear thall atá ag brácáil ach cáite leis an mbaol ar an saol go mbeidh a anamsa caillte,
Ach mar bhaill den chine daonna ní féidir linne staonadh ó na tréithe ceannan céanna atá againne inár ngéinte,
Agus ar nós tréithe daonna i ndéithe na gréige, bímid buailte le claonadh chun gluaiseacht a dhéanamh.

Cufrá
Mar ní theastaíonn uainn a bheith foirfe,
Is féidir linn a bheith corraithe,
Leis an strus a chuirtear orainne,
Nuair a bhíonn an saol seo dorcha,
Ball foirne, sin nádúr an duine,
Ach na súile ar fad a bheith orraine, sin nádúr na linne.