Amhrán nua ó bhuaiteoirí Ghradaim NÓS
le cloisteáil ar 'Bláthnaid Libh' inniu

Craolfar inniu ar an gclár Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta amhrán nua ón ngrúpa Sruth na Maoile a thug an chraobh leo i gcomórtas Amhrán na Bliana ag Gradaim Cheoil NÓS níos túisce i mbliana.

‘Déan É’ is teideal don amhrán, a bhain an duais mhór amach sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath mí Eanáir.

Bhuaigh Sruth na Maoile an deis an t-amhrán a thaifeadadh i stiúideo raidió de chuid RTÉ agus ba é an léiritheoir aitheanta ceoil, Ciarán Byrne, a rinne athmháistriú ar an traic. Craolfar an t-amhrán nuathaifeadta den chéad uair ar chlár cainte Bhláthnaid Ní Chofaigh maidin inniu.

Anuas ar an méid sin, beidh an amhrán Shruth na Maoile le cloisteáil ar fud na hÉireann ar sheinnliosta RTÉ 2FM ar feadh seachtaine.

“Tá RTÉ 2FM tiomanta ceol agus ceoltóirí na tíre seo a chur chun cinn, agus is deis iontach atá anseo dúinn tacú le ceoltóirí atá ag obair i nGaeilge, agus tá muid thar a bheith sásta a bheith ag obair i gcomhpháirt le Bláthnaid Libh,” a dúirt Dan Healy, ceannaire RTÉ 2FM.

Dúirt Bláthnaid féin go bhfuil sí sásta gur ar a clár féin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a chasfar an t-amhrán go náisiúnta den chéad uair.

“Ceol is ea ceol, is cuma cén teanga, agus tá mé an-sásta go raibh Bláthnaid Libh in ann cúnamh a thabhairt don ghrúpa óg Sruth na Maoile i mbliana, Bliain na Gaeilge, chun a gcuid ceoil a chur amach ar ardán mór náisiúnta ar nós RTÉ 2FM.  Tá sé iontach bheith in ann an t-amhrán a chasadh den chéad uair ar Bláthnaid Libh,” a dúirt sí.

Casadh baill Sruth na Maoile ar a chéile agus iad ar an ollscoil i mBéal Feirste. Tá Muireann Ní Bhaoill, ó Bhaile Locha Riach, Ciarán McManus ó Iúr Chinn Trá, Chloe Donann as Lios na gCearrbhach agus Séamus Ó Baoighill as an Oileán Sciathánach ag tabhairt faoi chéim sa cheol in Ollscoil na Ríona faoi láthair.

Is é an craoltóir aitheanta Eoghan Mac Diarmada a chasfaidh an t-amhrán nua Gaeilge ar RTÉ 2FM den chéad uair ar a chlár The Eoghan McDermott Show tráthnóna Dé Luain agus beidh sé le cloisteáil ar chláracha eile ar sceideal an stáisiúin ina dhiaidh sin.