‘An Taobh Tuathail Volume 9’ eisithe ag Cian Ó Cíobháin

Tá fáil anois ar An Taobh Tuathail Volume 9, seinnliosta den cheol is fearr ón gclár An Taobh Tuathail le Cian Ó Cíobháin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is ar Spotify atá an seinnliosta nua ar fáil.

Tá thart ar 120 rian sa mbailiúchán nua, agus os cionn deich n-uaire an chloig de cheol ann. Chas Cian cuid de na rianta sin ar an gclár An Taobh Tuathail aréir, agus blaiseadh á thabhairt aige dá bhfuil ar Volume 9.

View this post on Instagram

A post shared by Cian Ó Cíobháin (@cianociobhain) on

“Ce go bhfuil breis is scór blianta caite agam ag craoladh le RTÉ Raidió na Gaeltachta, braithim gurb iad an sé mhí dheireanacha an tréimhse is tábhachtaí acu ar fad. 

Nuair nach raibh aon deis ag daoine teacht le chéile go poiblí chun sásamh a bhaint as ceol agus comhluadar a chéile, bhí an clár ar cheann de na háiteanna deireanacha a bhí,a gus atá fós, ‘ar oscailt’ a d’fhéadfadh iad a thabhairt le chéile,” a dúirt Cian.

Tá ceoltóirí as Éirinn ar nós Mhuireann Nic Amhlaoibh, Elaine Howley, Aoife Nessa Francis, Mark Waldron-Hydan, Snuken Foal, Kelan Galligan, agus Brigid Mae-Power ar an seinnliosta, chomh maith le ceoltóirí as tíortha eile: Peter Gordon, Carla dal Forno, Mary Lattimore, the Books, Craven Faults, agus Laurence Pike ina measc. 

Dúirt Cian go bhfuil go leor de na rianta a bhí á gcasadh aige le linn na dianghlasála le cloisteáil ar an mbailiúchán nua, agus go gcuirfidh na hamhráin agus na rianta sin an tréimhse seo i gcuimhne dó go brách. 

An Taobh Tuathail ar an aer le breis agus 20 bliain anois, agus ardán á thabhairt ag Cian Ó Cíobháin ann do “na ceoltóirí is fearr atá ag treabhadh an ghoirt sa cheol ailtéarnach in Éirinn agus ar fud an domhain”. 

Bíonn an clár le cloisteáil ó 22.00 go 00.00 ó Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.