Aon phingin agam
An dara traic ó albam nua Rís

Tá an dáta seolta le haghaidh albam úrnua Rís ag druidim linn agus traic eile uaidh eisithe ar líne ag an bhanna mar bhronntanas dá lucht leanúna.

Thaitin rian uimhir a haon, Purgadóir, go mór libh nuair a scaoileadh go poiblí é mí ó shin agus anois tá físeán den dara hamhrán, Aon Phingin Agam, ar fáil chomh maith.

An uair seo tá gearrthóga ó shean-scannán dubh agus bán le feiceáil in ionad na beochana gleoite ón chéad fhíseán ach tá an fhuaim chéanna rac ann, le giotár neartmhar agus curfá greamúil a fhanann i do cheann.

D’fhéadfá a rá, agus liricí mar “nach dtuigeann sí nach bhfuil, aon phingin agam?” le cloisteáil ann, gur amhrán tráthúil é in am seo na déine agus géaróidh an eisiúint is déanaí seo ar ghoile an phobal le haghaidh tuilleadh ón tríú halbam de chuid racairí Rís.


Seolfar an t-albam nua, Yahú, ar 20 Márta sa Taibhdhearc, Gaillimh.