“Ar an mbóthar arís…”
Tréimhse ghnóthach ag Caladh Nua

Tá a dtríú halbam seolta le déanaí ag an mbanna bríomhar trad Caladh Nua agus camchuairt ar na Stáit le tosnú acu i gceann míosa. Labhair muid le fear an bhainseó agus na feadóige sa ghrúpa, an Gael as Ceatharlach, Eoin Ó Meachair.


NÓS: Tháinig ‘Honest to Goodness’ amach i mí na Samhna. An bhfuil sibh sásta leis an aiseolas atá faighte ag an albam ó léirmheastóirí agus ón phobal?

EÓM: Tá an-aiseolas faighte againn ó scaoileadh é.

Bhíomar le feiceáil in eagrán na Nollag de ‘Irish Music Magazine’ agus casadh an t-albam go minic ar raidió RTÉ agus raidió áitiúil ar fud na tíre, chomh maith le stáisiúin thar lear.

Táimid ag súil freisin le léirmheasanna breise sna Stáit Aontaithe sna míonna amach romhainn.

NÓS: Cad é mar a chuirfeá síos ar stíl cheoil atá agaibh?

EÓM: 100% traidisiúnta, ach le tionchar beag nua-aimseartha istigh ann.

Ní chiallaíonn sé seo go bhfuil muid ag meascadh an tseánra thraidisiúnta le seánraí eile áfach.

Is maith linn a cheapadh go gcuireann muid blas nua-aoiseach ar an gceol agus, ag an am gcéanna, go bhfanann muid leis an stíl traidisiúnta.

É sin ráite, tá níos mó den tsean-stíl cheoil ar ‘Honest to Goodness’ ná mar atá ar na halbaim eile atá againn, ‘Happy Days’ agus ‘Next Stop’.

NÓS: Bhí 2014 gnóthach ag Caladh Nua agus sibh ag seinm thar lear i SAM agus sa Fhrainc. Conas a bhí na heispéiris sin?

EÓM: Iontach ar fad. B’shin ár gcéad turas sna Stáit Aontaithe agus chuamar díreach go Ceanada ina dhiaidh sin – 6 seachtaine san iomlán.

Rud amháin faoi ná gur bhuail gach cineál aimsire muid – fuacht i bhPhiliadelphia agus coinníollacha samhraidh i gCalifornia.

Is saol an-mhaith é ar feadh tréimhsí gearra ama ach níos mó ná sin.

Faigheann muid deiseanna áiteanna nua éagsúla ar fud an domhain a fheiceáil agus bualadh le daoine nua gach lá.

Ach is féidir leis an taisteal bheith deacair, lá i ndiaidh lae leis na daoine céanna, fiú agus aithne againn ar a chéile le blianta anois!

Mar sin féin turas den scoth a bhí ann agus chasamar do lucht féachana an-mhór gach oíche, amharclanna suntasacha don chuid is mó.

Tá an-chuid Éireannach thall ar ndóigh agus tháinig a lán acu chun ár gceolchoirmeacha.

Suimiúil go leor chasamar in an-chuid ollscoileanna chomh maith.

Tá suim ollmhór ag mic léinn Mheiriceánacha i gcultúir na hEorpa, cultúr na hÉireann ach go háirithe.

Bhí an turas sa Fhrainc saghas éagsúil mar gur ag féilte a bhí muid ag seinm ansin ach bhí sé chomh taitneamhach céanna… aimsir agus bia iontach!

calad-nua2

NÓS: Tá go leor bannaí óga ag teacht chun cinn faoi láthair. An mbeadh aon chomhairle agat do na ceoltóirí sin atá ag iarraidh albam a thaifeadadh agus gigeanna a aimsiú thar lear?

EÓM: Faigh comhairle ó bhannaí eile cosúil linn féin. Labhair leis na daoine a bhfuil sé déanta acu.

Nuair a thosaigh muid, ní raibh tuairim dá laghad againn ar céard a bhí le déanamh i ndáiríre agus d’iarramar comhairle ó Bhenny McCarthy.

Ba chóir go mbeadh sé mar seo i dtionscal an cheoil. Is comhghleacaithe sinn go léir agus tá neart oibre le dul timpeall.

Cleacht go crua agus ná himigh ar strae ón gceol traidisiúnta.

Ní dóigh liom gur fiú rac-cheol agus ceol dúchais na hÉireann a mheascadh mar shampla.

Thar lear, teastaíonn ón lucht féachana fíor-cheol traidisiúnta a chloisteáil.

Níl mé ag rá go bhfuil aon rud mícheart leis an mheascán de cheol trad agus stíleanna eile, ach má tá sé amuigh ort go mbíonn tú ag casadh ceoil trad, sin an ceol ar chóir duit bheith á chasadh.

NÓS: Tá ainm Gaeilge ag an ngrúpa ar ndóigh agus tá amhráin Ghaeilge taifeadta agaibh chomh maith. Cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge dóibh?

EÓM: Tá sí thar a bheith tábhachtach.

Cé nár tógadh aon duine de bhunaitheoirí an bhanna le Gaeilge, bhíomar ar fad bainteach leis an teanga ó aois an-óg.

D’oibrigh mé féin ar feadh tréimhse fhada le Coláiste na bhFiann agus tógadh ár mball is déanaí, Caoimhín Ó Fearghail, le Gaeilge sa Rinn i gContae Phort Láirge.

Tá Lisa Butler, ár n-amhránaí, cáilithe mar mhúinteoir bunscoile agus oibríonn sí i nGaelscoileanna nuair nach bhfuil muid ar camchuairt linn.

Is láidir an-nasc atá idir an ceol agus an teanga.

NÓS: Bhain sibh go leor amach in 2014 ach tá bliain úr anois tosaithe. Cad atá beartaithe agaibh le haghaidh 2015?

EÓM: Bhuel ar dtús beidh muid ag filleadh ar na Stáit le haghaidh turas eile 3 seachtaine, ag tosú ar 24 Feabhra agus ag críochnú ar Lá Fhéile Pádraig.

I rith an tsamhraidh beidh muid ar camchuairt sa Ríocht Aontaithe agus ansin san Fhómhair beidh muid ag tabhairt aghaidhe ar an Danmhairg agus ar an nGearmáin.

An bóthar arís!

Tá sé beartaithe againn freisin ullmhú le haghaidh albam nua a thaifeadadh i dtreo dheireadh na bliana agus a eisiúint in 2016.

Coinnigh súil ar an spás seo.


Seo thíos rian ó ‘Honest to Goodness’. Is féidir éisteacht le tuilleadh traiceanna agus teacht ar eolas an bhanna ar caladhnua.com