Ar foluain sa spéir le Slowdive
Ar ais le halbam úr tar éis 22 bliain

‘Slowdive’ – Slowdive


D’eisigh an grúpa shoegaze Slowdive trí albam idir tús agus lár na 90í.

Níor díoladh mórán cóipeanna d’aon cheann acu, ach deirtear gur bhunaigh gach duine a cheannaigh ceirnín de chuid Slowdive a ngrúpaí féin.

Éist le ceol Ulrich Schnauss nó Beach House is tá tionchar ceoil an ghrúpa seo le clos.

Más fíor nach bhfuil an cháil chéanna ar Slowdive is atá ar My Bloody Valentine, as grúpaí na chéad ghluaiseachta shoegaze ar fad bhí an t-ainm is mó a d’fheil don seánra ceoil ag Slowdive, cinnte.

Mall-tumadh isteach i ndomhan ceoil ar leith.

Rac-cheol ailtéarnach ilshraitheach, ealaíonta le liricí doiléire agus foinn mhealltacha a bhí cuachta i bpluideanna de ghlór riastartha giotáir.

Cé gur bhaistigh scríbhneoirí Bhíoblaí ceoil na linne (Melody Maker agus New Musical Express) ceol ‘shoegaze’ ar an stíl cheoil a bhí á cleachtadh ag grúpaí mar My Bloody Valentine, Ride, Slowdive agus Chapterhouse, le fírinne ba de thoradh iompar na gceoltóirí a roghnaíodh an téarma ‘shoegaze’ seachas fuaim an cheoil féin.

Bhíodh sé de nós ag ceoltóirí na ngrúpaí shoegaze a bheith ag stánadh síos i dtreo a mbróg is iad ag casadh beo seachas féachaint os a gcomhair amach.

Seans nach raibh ach cúthaileacht na hóige i gceist; ní raibh baill Slowdive ach 19 mbliana d’aois, ar an meán, nuair a shínigh siad conradh le ceirníní Creation Alan McGee.

Féach anois ar fhíseáin den ngrúpa ag casadh beo a taifeadadh sa tréimhse ó tháinig Slowdive le chéile arís in 2014 (scar siad in 1995) agus cífear nach bhfuil aon bhreathnú ar bhróga ar bun acu a thuilleadh.

Is é Slowdive an chéad albam atá eisithe ag an ngrúpa le 22 bliain.

Moladh atá i gceist le rá go bhféadfadh an ‘Slomo’ milis, foluain, agus an ‘Don’t Know Why’ feothanach a bheith bainte ó magnum opus Slowdive, Souvlaki (1992), taifeadadh a raibh Brian Eno rannpháirteach ann.

Tarraingíonn ‘Star Roving’ ar stíl thiomáinte, fhéitheogach an albaim Going Blank Again leis an ngrúpa Ride, agus tá tuilleadh agus trá aoibhinn i ngluaiseacht ‘Don’t Know Why’.

Taitneoidh blas cumhach agus cur chuige réidh, glan ‘Sugar For The Pill’ le lucht leannta Beach House.

Is deas mar a roinneann Rachel Goswell agus Neil Halstead cúram an amhránaí eatarthu ar an amhrán céanna.

Tá dlúth-armóiní na beirte ar an ‘Falling Ashes’ aiféalach, pianó-thiomáinte ina phléisiúr, freisin.

Ní mór fanacht amach ó ‘No Longer Making Time’, dála an scéil.

Mheasfá gur ag éisteacht le Coldplay a bhí Halstead sular chuir sé peann le pár chun an t-amhrán úd a chumadh.

Is í an t-aon mháchail í ar shaothar a sháraíonn gach albam atá eisithe go dtí seo ag Slowdive ach Souvlaki.