Blas ar an éagsúlacht
Éireannaigh ar cheiliúradh mór Permanent Vacation

Permanent Vacation X (Ten Years Label Anniversary)


Cad é seo, go díreach?

Ceiliúradh deich mbliana an lipéid house agus nu-disco München-lonnaithe Permanent Vacation, a buníodh sa bhliain 2006.

Más léir nach bhfuil bua na matamaitice ag na húinéirí Tom Bioly agus Benjamin Frohlich, níl aon amhras ach go dtuigeann siad cad is stiall mhaith de phort house ann nuair a chloistear é.

Léiriú foirfe ar nádúr cros-síolrach house-cheol comhaimseartha na hEorpa é iar-chatalóg Permanent Vacation; ceol leictreonach gan cúinní géara ina mbíonn gnéithe den gceol dioscó, synth-pop na sean-ré, house cosmach agus Krautrock le sonrú ann, go minic ag am céanna.

Tugtar aitheantas don lipéad as chéad cheirnín John Talabot na Catalóine a eisiúint (My Old School, 2009), nocht Permanent Vacation cnagshingil mór an léiritheora Ghearmánaigh Tensnake, ‘Comacat’, don saol siar in 2010, agus tá dhá cheann dos na hamhráin dioscó is fearr a léiríodh ó thús an Chéid eisithe ag an lipéad ( ‘Don’t Turn It Off’ le 40 Thieves agus ‘All Woman’ le Kathy Diamond).

Ceol nua ar fad atá le clos ar an dtiomsachán ceiliúrtha seo; 17 rian ar fad, ó leithéidí Joakim na Fraince, Pional agus John Talabot as stát na Spáinne, Tuff City Kids agus Tensnake na Gearmáine, agus Lord Of The Isles as Alba (sa ghrianghraf thuas).

An bhfuil aon mhaith ann?

Tá léiritheoirí na hÉireann in uachtar le hamhrán gleoite italo-house ó David Kitt agus é ag taifeadadh mar New Jackson (‘There Will Always Be This Love’ i dteannta Margie Jean Lewis), port gráinneach Bailéarach ó Mano Le Tough as Contae Chill Mhantáin (‘Full On Spring’) agus house cosmach lán teannais ó The Drifter (Mark Flynn) as Baile Átha Cliath (‘Space Ramp’).

Soláthraíonn Joakim port eipiciúil ethno-house (‘Camino De La Luna’) lán de dhrumaí andúchasacha agus cantaireacht dheasghnách ó bhéal seamain éigin ó thír i bhfad i gcéin (leagan dub dóibh siúd go bhfuil eagla orthu roimh fhir rialta!).

Tá mall-house misniúil John Talabot chomh mealltach is a bhí riamh ar ‘The Strange Silence’, agus tá corraí croí i gceist le séis neamhdhíreach ‘State of Presence’ de chuid Pional.

Tá moladh ar leith tuillte freisin ag electro-acid fíneáilte Lake People (‘Morrow), italo-house mall, tiomáinteach Tuff City Kids (‘Hardlake’) agus saothar dreachlíofa house Tensnake (‘Cielo’).

Laigí?

In ainneoin na dord-líne téagartha agus na synth-línte glana tá ‘Eastern Crown’ le Red Axes leadránach.
Ditto iarracht seachránach Benjamin Frohlich (‘I.A.M.B.D’) agus fuaim Bhailéarach ró-mhacánta TB & Bostro Pesopeo.

An breithiúnas?

Blasta, ach is é an trua é nár beartaíodh diosca de roinnt de mhór-rianta an lipéid a sholáthar mar chuid den bpacáiste ceiliúrtha seo dóibh siúd nach raibh ag bailiú eisiúintí Permanent Vacation ó thús.