Teanga Bheoga na nGael
Glór Gaelach Ghráinne Holland


Is amhránaí í Gráinne Holland atá i ndiaidh clú nach beag a bhaint amach le tamall de bhlianta anuas de bharr áilleacht chumhachtach a gutha agus de bharr an bhlais nua a thugann sí do réimse leathan d’amhráin Ghaelacha.

Aitheanta agus molta go hard ar chiorcad an cheoil thraidisiúnta ina cathair dhúchais féin, Béal Feirste, beidh deis ag an domhan ar fad anois aithne a chur ar a glór sainiúil mar go bhfuil a céad albam le heisiúint aici láithreach.

Teanga na nGael is teideal dó agus tugann sé léiriú uirbeach nua-aimseartha d’amhráin thraidisiúnta ar nós ‘An tSeanbhean Bhocht’, ‘A Mhuire ‘s a Rí’, ‘An Seanduine Dóite’ agus ‘Dónal na Gréine’.

12 traic san iomlán atá ar an albam a bhfuil roinnt aoicheoltóirí iomráiteacha – Neil Martin, John McSherry agus Dónal O’Connor ina measc – le cloisteáil air agus a bhfuil paisean don cheird agus grá don dúchas le mothú go soiléir uaidh.

Ag Féile an Phobail anuraidh, a thiteann amach i mBéal Feirste gach samhradh agus atá ar na féilte pobail is mó san Eoraip, ba í Gráinne an ceoltóir tacaíochta ag gig mhór Damien Dempsey agus anois, 12 mí ar aghaidh, ag Féile na bliana seo beidh ceolchoirm speisialta aici Dé Máirt 2 Lúnasa i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich sa Cheathrú Ghaeltachta chun a halbam féin a sheoladh.

Tógadh Gráinne go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla sa chathair, áit ar fhreastail sí ar an chéad bhunscoil Ghaeilge ann, Bunscoil Phobal Feirste, agus meastar go mbeidh Gaeil na cathrach agus a lucht tacaíochta ó níos faide i gcéin uilig bailithe le chéile don oíche mhór.

Moltar do dhaoine ticéad a chur in áirithe go luath agus tá tuilleadh eolais faoin gig agus albam ar grainneholland.com