Blas idirnáisiúnta ar an Chabaret Craiceáilte
Bannaí Iodálacha agus Éireannacha ar stáitse

Blas fonnmhar idirnáisiúnta a bheas ar an Chabaret Craiceáilte i nGaoth Dobhair Dé Sathairn seo, le héagsúlacht mhór cheoil ar ardán an imeachta chlúitigh.

Banna Iodálach iad Bianco Sporco (thuas) a mheascann ceol traidisiúnta na Spáinne, ceol giofógach, rumba Catalónach, bluegrass, chomh maith le damhsaí difriúla, agus beidh siad le feiceáil agus le cloisteáil i dTigh Hiúdaí den chéad uair riamh.

In éineacht leo beidh seanchairde an Chabaret, Boss Sound Manifesto, agus iad ag cur reigé agus ska na nGael ar fáil go bríomhar beoga mar is dual dóibh.

Tá an grúpa ag díriú ar níos mó ceoil Ghaeilge a dhéanamh agus cuirfear sin i láthair an tslua ag an deireadh seachtaine.

“Is onóir dúinn cuireadh a fháil pilleadh ar an Chabaret Craiceáilte,” arsa Cormac Buzz Ó Briain ó Boss Sound.

“Tá sé ar na gigeanna is deise linn ar fad. Bíonn lucht an Chabaret ar fheabhas gach cuairt agus tá muid ag súil go mór le hoíche go maidin.”

Agus muna leor sin daoibh beidh an t-amhránaí sean-nóis agus an laoch áitiúil, Doimnic Mac Giolla Bhríde, ag canadh ar a stíl leithleach féin chomh maith.

Má tá sibh sa cheantar, ná caill é. Agus muna bhfuil tú ann, agus muna bhfuil tú ag freastal ar Ghael-ócáid i do cheantar féin, gabh ann!


Beidh an Cabaret Craiceáilte ar siúl ó 9.30in i dTigh Hiúdaí, An Bun Beag, Dé Sathairn 31 Eanáir.

Éist le clár Rónán Beo@3 ar RTÉ RnaG Máirt go hAoine idir 3in-4in le haghaidh tuilleadh eolais.