Boinn Óir Sheáin Uí Riada buaite ag Fionnuala Donlon agus Colm Broderick

Tá Boinn Óir Sheáin Uí Riada na bliana seo buaite ag Fionnuala Donlon as contae Lú agus Colm Broderick as contae Cheatharlach. Reáchtáladh an comórtas sa Mhuileann i mBaile Bhúirne i nGaelacht Mhúscraí agus craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é.

Is tríd an gclár Cuireadh Chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, clár a chuireann Peadar Ó Riada i láthair, a reáchtáiltear an comórtas, agus bíonn uirlisí éagsúla i gceist gach bliain. Bronnadh an Bonn Óir don chruitireacht ar Fhionnuala agus an Bonn Óir don phíobaireacht ar Cholm. Bronnadh duais airgid €2,500 an duine ar an mbeirt chomh maith.

Ba iad Laoise Kelly, Mick O’Brien agus Michelle Mulcahy na moltóirí tráthnóna Dé hAoine agus ba é Peadar Ó Riada a bhí ina fhear tí. 15 ceoltóirí a bhí páirteach sa chraobh, ochtar ar an gcruit agus seachtar ar na píoba.

Den chéad uair riamh, ghlac iomaitheoir páirt sa chomórtas ó áit taobh amuigh d’Éirinn. Bhí Fiachra O’Regan as Cloch na Rón i gcontae na Gaillimhe san iomaíocht beo as Québec Cheanada mar a bhfuil sé ag cur faoi.

Ní raibh duine ar bith ach na hiomaitheoirí, moltóirí, foireann an raidió, agus fear an tí i láthair ag an ócáid i mbliana, mar gheall ar na srianta in aghaidh an víris chorónaigh. Craoladh an comórtas beo ar leathanach Facebook RTÉ RnaG agus ar shuíomh Chuireadh Chun Ceoil freisin.

Tá trí bliana ann ó bhí an comórtas oscailte do phíobairí agus do chláirseoirí, agus ba é an píobaire Éanna Ó Cróinín as Ráth Chairn agus an cláirseoir Úna Ní Fhlannagáin as Gaillimh a thug na boinn óir leo. Ba í Jillian Ní Mháille a thug an chraobh léi i gcomórtas na bhfeadóg mhór anuraidh.