‘Brigid Buach’ amhrán nua le Pádraigín Ní Uallacháin in ómós an naoimh

Tá amhrán nua cumtha ag an amhránaí aitheanta Gaelach Pádraigín Ní Uallacháin as Contae Lú. Eisíodh ‘Brigid Buach’ ag an deireadh seachtaine díreach in am do Lá Fhéile Bríde inniu. Amhrán ina cheiliúrtar na buanna éagsúla a luaite leis an naomh, éarlamh na n-ealaíon, na ceardaíochta, agus an earraigh. 

Ba í Pádraigín féin a chum an t-amhrán, agus í ag tarraingt ar “liricí ársa” agus tá na ceoltóirí Steve Cooney agus Dónal O’Connor le cloisteáil ar an rian chomh maith. 

“Is amhrán ársa agus amhrán nua é seo ag an am céanna, agus cuireadh amach é le spiorad cneasaithe Bríde agus ár spioradna a ardú, agus le fuinneamh nua a spreagadh ionainn agus muid ag  imeacht ó cheann de na tréimhsí ba chorraithí ar domhan go hearrach an nuafháis,” a dúirt Pádraigín faoin amhrán.