Bronntanas blasta #7 ó ATT
Ar fáil ar líne an tseachtain seo

“Éist leis agus féach an féidir leat gan a bheith ag sileadh na ndeor.”

Sin a bhí le rá ag Cian Ó Cíobháin, fear ‘An Taobh Tuathail’ agus é ag caint faoi amhrán de chuid Sufjan Stevens, ‘Fourth Of July’, atá ar bhailiúchán nua ATT a eisíodh an tseachtain seo.

Mar éisteoir dílis de chuid ‘An Taobh Tuathail’, a bhíonn á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine ar 10in, bím i gcónaí iontach tógtha faoi eisiúintí Uí Chíobháin agus tá cúis leis sin: tá siad thar barr.

Agus ní haon eisceacht é an ceann seo.

Is éard atá i mbailiúchán ATT 7, atá ar fáil le híoslódáil i bhfoirm podchraolta, ná rogha an Chíobhánaigh den chuid is fearr a bhí le cloisteáil ar a chlár ceoil le bliain go leith anuas.

18 rian san iomlán, a bhfuil LesLord, Carol Keogh agus Loner Deluxe na tíre seo, mar aon le leithéidí Noa Babayof Iosrael, Mica Levi Shasana agus Colleen na Fraince san áireamh.

Seo an seachtú bailiúchán i sraith ATT, a tháinig amach ar dtús sa bhliain 2007 le ATT 1.

Measann Cian go bhfuil “an vibe céanna tríothu ar fad”, agus tagaim leis.

“Tá cuid mhaith acu mar a chéile ar bhealach. Tá saghas cumha ag baint leo, tá siad mall, beagáinín beag… ní éadóchasach ach báúil-each,” ar seisean.

Ó thaobh an chur chuige de, mhínigh sé go roghnaíonn sé píosaí ceoil a thaitníonn leis thar thréimhse ama, seachas píosa a roghnú a thaitin leis “an tseachtain seo nó an tseachtain seo caite”.

“Dúirt duine liom gur ceol é do shamhradh lán báistí, agus b’fhéidir gurb é,” arsa Cian le gáire.

ATT7_CD_FrontCover (1)

Comhartha is ea é an oiread measa atá ar bhailiúcháin ATT i saol an cheoil leictreonaigh go dtarraingíonn sé spéis ó cheoltóirí móra timpeall na cruinne lena gcuid saothair ar chur ar fáil.

Ní thar oíche a tuilleadh an meas sin ach oiread.

Le 16 bliain anuas tá ceol ailtéarnach leictreonach á chur chun cinn ag Cian ar aerthonnta RnaG agus é ag mealladh lucht éisteachta idirnáisiúnta chuig an stáisiún.

Cé gur eisíodh na chéad bhailiúcháin ar dhlúthdhioscaí, tá saol an cheoil athruithe an oiread sin gur bheartaigh sé leaganacha leictreonacha a dhéanamh ina n-áit.

“Dúirt mé go gcuirfinn iad ar fáil saor in aisce agus ar bhealach tá mé sásta. Is maith liom go bhfuil sé ar fáil anois mar phodchraoladh agus obair ealaíne leis,” arsa Cian.

Spreagtha ag grianghraf le Natalie Curtis, ealaíontóir as Macclesfield Shasana a thóg an íomhá chlúdaigh (thuas), agus amhrán le Sufjan Stevens a dhéanann tagairt do shnáthaid mhór, thug Cian Dordán na Snáthaide Móire ar an bhailiúchán.

Ar cheann de na príomhchúiseanna a chuireann sé na bailiúcháin amach ná éisteoirí nua a tharraingt chuig an chlár.

“Is saghas audio flyers iad. Gach uair a gcuirim ceann amach, faighim go leor daoine a rá nár chuala siad trácht ar an gclár.

“Nuair nach bhfuil aon saghas buiséid ann chomh maith ó thaobh na poiblíochta de, caithfidh tú rud éigin a dhéanamh.”

Mar a bheifeá ag súil leis, tá obair mhór i gceist le ceadúnais chóipchirt a fháil dá bhailiúcháin.

“Tá mé ag obair ó mhí na Nollag seo caite ar an gceann seo, agus gach uair a gcríochnaím deirim liom féin nach ndéanfaidh mé riamh arís é, ach tar éis sé mhí bím ag smaoineamh ar bhailiúchán eile a dhéanamh,” ar seisean.

Tá fáil ar ATT 7 go ceann ceithre mhí anseo.


3 amhrán ó bhailiúchán ATT 7, roghnaithe ag Cian Ó Cíobháin:

1) Sufjan Stevens – Fourth Of July

“Seo an t-amhrán is fearr agus is brónaí a chuala mé i mbliana, bunaithe ar an gcomhrá deireanach a bhí aige lena mháthair sular cailleadh í.”

2) Mica Levi – Love

“An rian is fearr a chuala anuraidh.”

3) LesLord – Dave Toole

“Luaigh an file Marcas Mac Conghail ATT i ndán a scríobh sé, chuir mé chuig beirt é… LesLord a tháinig ar ais.”