• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Cartúin
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Craiceann
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

NÓS

9ú Eanáir 2016

Ceol#GCNÓS15

Grianghraif: Conor McCabe

Buaiteoirí Ghradaim Cheoil NÓS 2015
Kíla, Seo Linn & Eve Belle i measc na nduaiseoirí


Bhí sároíche ag na Gaeil ar fad a bhailigh le chéile sa Sugar Club, Baile Átha Cliath, aréir le haghaidh na chéad bliana de Ghradaim Cheoil NÓS 2015.

26 ceoltóir nó banna ar an iomlán a bhí san iomaíocht i seacht rannóg agus bhí siad ar fad, mar aon le cúpla cead tacadóir agus leantóir ceoil, i láthair in ionad cúláilte siamsa na príomhchathrach.

Chuir an grúpa nua lán func agus filíochta IMLÉ tús le himeachtaí – ghnóthaigh siad an gradam le haghaidh ‘Nuíosach na Bliana’ níos moille san oíche – sular bronnadh an chéad duais ar réalta óg as Dún na nGall, Eve Belle, mar gheall ar a hamhrán aoibhinn, ‘Solas’.

Lean ceol den scoth ó Chlann Mhic Ruairí, Dysania, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Lauren Ní Chasaide le racadóirí Chonamara, Rís, ag cur críoch láidir lasartha leis an spraoi ceolmhar.

Idir an ceol beo bronnadh gradaim ar na bannaí Kíla, Seo Linn agus Rís, chomh maith le Doimnic Mac Giolla Bhríde agus TG Lurgan.

ris-gradam

An láithreoir is iomráití i saol na Gaeilge, Rónán Mac Aodha Bhuí, agus Eagarthóir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, a stiúir cúrsaí ar ardán agus bhí Ben Ó Faoláin, Ciarán Ó Meachair, Sinéad Ní Uallacháin, Ciarán Ó Cofaigh, Colm Mac Séalaigh agus Seán T. Ó Meallaigh ina measc siúd a bhronn na gradaim ar na ceoltóirí caithréimeacha.

Bhí craic bhreise i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, ina dhiaidh agus táthar ag súil anois gur dáta nua spleodrach i bhféilire ceoil na Gaeilge iad Gradaim Cheoil NÓS.

Tá muid féin ag tnúth go mór leis an chéad bhabhta eile cheana.

Míle buíochas le gach duine a bhí sa Chlub Siúcra aréir, moladh go deo do gach iomaitheoir agus comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí!


LIOSTA IOMLÁN NA mBUAITEOIRÍ

AMHRÁN NA BLIANA: Solas – Eve Belle

ALBAM NA BLIANA (NUACHEOL): Suas Síos – Kíla

ALBAM NA BLIANA (AMHRÁIN THRAIDISIÚNTA): Sona do Cheird – Doimnic Mac Giolla Bhríde

FÍSEÁN NA BLIANA: Tine na nGael – TG Lurgan

NUÍOSACH NA BLIANA: IMLÉ

BANNA / CEOLTÓIR NA BLIANA: Seo Linn

GIG BHEO NA BLIANA: Rís – An Taibhdhearc, Gaillimh, Márta ’15

Scéalta Eile

‘Blinding Lights’ as Gaeilge agus Breatnais agus achainí Choláiste Lurgan ar an Roinn

Albaim na Bliana 2020rogha Ben Uí Fhaoláin

ÉIST: ‘Santa, Baby’ canta as Gaeilge ag Ciara Ní É

Amhrán nua ag an bhfile Marcas Mac an Tuairneir ‘Fichead ‘s a h-Ochd’

‘Suantraí na Nollag’ – amhrán le Méabh Ní Bheaglaoich óna halbam nua



Nós

Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

Déan. Bris. Léigh.
  • Faoi NÓS
  • Físeáin NÓS
  • Gradaim NÓS 2021
  • Fógraíocht
  • Teagmháil
  • About NÓS
Teagmháil

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6AH
eolas@nos.ie


cc.white  2020 Rua Media