Buillí blasta na cruinne
Sounds of the Universe: Sounds + Art 2012-15

Cad é seo, go díreach?

Is mar an lipéad ath-eisithe is fearr ar domhan is mó a bhfuil cáil ar cheirníní Soul Jazz ach tá nós ag úinéir an lipéid, Stuart Baker, ceol nua a eisiúint leis ó am go chéile.

I 2012 bhunaigh Baker an tsraith Sounds of the Universe: Sounds + Art chun ceol lena rogha léiritheoirí ceannródaíocha techno agus house a chlóbhualadh ar cheirníní vinile mar eagráin theoranta (300 cóip an ceann) go mbeadh díol orthu i siopa Sounds of the Universe i Soho, Londain amháin.

Tá scoth na sraithe úd (Andrés, Kassem Mosse, Hieroglyphic Being, Heatsick, Ras G) le clos i bhfoirm dhigiteach don gcéad uair ar dhiosca 1 anseo.

Ocht rian úra taifeadtha go speisialta don gcnuasach (Mike Huckaby, DJ Stingray, Lord Tusk, Seven Davis Jr) a bhfuil sa tarna diosca.

An bhfuil aon mhaith ann?

Tá éagsúlacht shultmhar stíleanna idir house, boogie, dioscó agus electro le clos thar an dá dhlúthdhiosca ach is iad na rianta doimhne techno (AYBEE thuas, Heatsick, Kassem Mosse) is mó a dheánann ath-éisteacht a chúiteamh.

Tá Kassem Mosse ar bharr a mhaitheasa ar fad ar ‘Staat Aus Glas’, sos beochta don éisteoir i bhfoirm phoirt ghrástúila techno le séiseanna neamhsaolta agus buillí díthiúnta.

Níl an port dioscó Braisíleach ‘Ribena’ ar an rud is samhlaíche a chum Andrés Detroit riamh, ach leis an dea-aimsir buailte linn faoi dheireadh is díreach port mar é, chomh maith le ‘Circles’ gleoite Mike Huckaby agus ‘Summer Romance’ Tevo Howard, a bheadh uait do do chóisir amuigh faoin aer tar éis bhrothall an lae.

D’aistear dub-chéime atá go mór faoi chomaoin ag fuaim shnagcheoil Ethiopiques Mualtu Astatke, éist le ‘Average Cats’ drámatúil Lord Tusk.

Bí ag scuabáil na gcos sa chúinne le domhain-house guagach Tenderlonious, nó ag briseadh na gcnámh ag cleachtadh do chuid brisdamhsa i lár an úrláir le electro glan, teann, tomhaiste DJ Stingray.

Laigí?

Fianaise úr é ‘Come and Go’ ar easpa tallainne Seven Davis Jr.

Tá blas leathchríochnaithe ar an iarracht ‘nu-r&b (Rare Love)’ le Reginald Omas Mamode IV.

An breithiúnas?

Blasta.