Buillí Brasaíleacha
Ceol gan cháim le Tenório Jr!

Oíche amháin i mí Márta na bliana 1976, shiúil an pianódóir/cumadóir snagcheoil Brasaíleach Francisco Tenório Cerqueira Júnior amach as óstán in Buenos Aires na hAirgintíne chun bosca toitíní a cheannach.

Ní fhacthas ó shin é.

Bhí an Airgintín faoi dheachtóireacht mhíleatach ag an am, agus meastar gur ghabh agus gur dhúnmharaigh póilíní míleata é.

Seans gur chás bréagaitheanta a bhí ann.

Fear ard caol ab ea Tenório Jr, a raibh gruaig fhada agus féasóg air, agus é de nós aige clóca fada a chaitheamh.

Cé gur bheag an spéis a léirigh sé i gcúrsaí polaitíochta, b’fhéidir go raibh cuma ró-mhór an reibiliúnaigh ar an bhfear bocht an oíche chinniúnach úd.

Más doiléir sonraí a bháis, tá tallann dhamanta Tenório le clos go soiléir ar Embalo.

Ba phianódóir é a chas le cumas agus liriceacht shaibhir a chuirfeadh Oscar Peterson i gcuimhne duit.

Eisithe ar dtús in 1964 (cosnóidh bunchóip vinile €430 ort ar Discogs), is é Embalo an t-aon albam aonair a thaifead Tenorio Jr.

Albam réasúnta traidisiúnta bossa-jazz é i gcomparáid le saothair níos turgnamhaí a raibh baint ag Tenório Jr leo ag tús na 70í (Índia de chuig Gal Costa, agus Academia De Danças le Egberto Gismonti, abair).

Má bhí rud le rá Tenório Jr níor chuir sé do chuid ama amú.

Tá 9 gcinn den 11 rian anseo faoi bhun 4 nóiméad ar fhad.

Tá fuinneamh spleodrach an be-bop ag baint le chéad rian an albaim (‘Embalo’), ach tá bossa leachtúil ‘Sambinha’ agus ‘Clouds’ ar nós a bheith ag ól meala as ascaill nimfí.

Seans go bhfuil ‘Nebulosa’ cloiste cheana féin agat i seiteanna dioscmharcaíochta a leithéidí Gilles Peterson agus Floating Points (tá an ceirnín 7″ i mo bhosca dioscmharcaíochta féin i gcónaí le 10 mbliana anuas).

Gan é ach 1’55” ar fhad, tá draíocht ag baint leis mar phíosa ceoil.

Meallann nótaí maorga, creathánacha Tenório isteach thú sula gcuireann drumadóireacht éirimiúil, fhéitheogach Milton Banana do chosa ag rince.

Sampla é, taobh leis an leagan lúfar anseo de ‘Fim De Semana Em Eldorado’ le Johnny Alf, den idirghníomhú foirfe idir pianódóireacht Tenório agus baill a ghrúpa atá le clos ó thús go deireadh Embalo.

Saothar bossa gan cháim é Embalo.

Más sa tóir atá tú ar ghealán gréine dos na cluasa, bhuel, ní gá dul níos faide.