Níl début Jenny Lee ‘díreach ceart’
'Right On!' le cailín na Calafóirne

Dordghiotáraí le banracairí indie California Warpaint í Jenny Lee Lindberg, a bhfuil a céad albam aonair Right On! nuasheolta aici.

Díríonn Lindberg ar fhuaim bhlasta goth/new wave na luath-80í, ach ar nós eisiúintí Warpaint féin is mó stíl ná substaint atá ag baint le Right On!

Ní hionann seaicéad leathair agus scata mascára a chaitheamh agus amhráin ar chaighdeán Siouxsie & The Banshees a thaifeadadh, abair.

Fiú dá mbeadh aon rud speisialta faoi liricí doiléire Lindberg, chinnteodh a cur i láthair bogthe do neamhspéis.

“Society is anxiety, is a misery, it’s a myth” a chanann sí ar ‘Boom Boom’.

Cad é do phointe, a chroí?

Tá easpa paisin sa tslí a gcuireann sí an líne “You’d better watch your back, I’m coming, I’m coming” i láthair ar ‘Bully’ a fhágann go mbeadh an oiread céanna eagla orainn roimpi dá mbeadh “táim ag éirí as mo leaba ar ball, tar éis cupán tae, tar éis cupán tae” ráite aici.

Anuas air sin tá nós aisteach ag Lindberg leathlínte ó amhráin de chuid liriceoirí ar níos mó tallainne ná í féin a chaitheamh isteach ina hamhráin scaití.

Nuair a chanann sí “Something in the way he moves” ar ‘Offerings’ is le tuin chainte Kurt Cobain a dhéanann sí é.

Tá port deas briosc indie-disco loite aici mar anois tá Nirvana á sheimnint i mo cheann agam agus tá mo chluasa ag tabhairt neamhairde uirthi.

Tarlaíonn an rud céanna nuair a chanann sí an líne “Its been a long lonely Winter“, briathra a aithneofá ó ‘Here Comes The Sun’ le Nina Simone, ag tús an amhráin ‘Long Lonely Winter’.

Más d’aon ghnó atá sí á dhéanamh, níl sé glic.

Más de thimpiste é, bhuel, ní mór di bheith níos cúramaí.

Tagann feabhas ar Right On! le breis éisteachta, ach tá teorainn leis an bhfeabhas úd.

Tar éis méid áirithe ama caite agat ag tabhairt suntais don mbealach a dhéanann Lindberg a hinspioráidí (The Slits, Joy Division, Siouxsie, Gang of Four) a láimhseáil, beidh do dhóthain cloiste agat.