Catairsis Future Islands
le cloisteáil arís ar 'The Far Field'

The Far Field


Má theastaíonn uait tuiscint a fháil ar dhraíocht an ghrúpa synth-pop ailtéarnaigh Future Islands as Baltimore SAM ní mór iad a fheiscint beo.

Caith súil ar an téip de Future Islands ag casadh ‘Seasons (Waiting On You)’ ar an ‘Letterman Show’ in 2014 mar bhlaiseadh de ghaiscíocht gheáitsíocht stáitse amhránaí Future Islands, James T. Herring.

Agus é ar stáitse, tá Herring ar taibhseoir chomh maith is atá le fáil.

Insíonn sé scéalta leis an tslí a mbogann sé a chorp; ar nós Ian Curtis ag iompú ina incredible hulk nóiméad amháin, nó Marlon Brando i mbun aithrise ar an cookie monster nóiméad eile.

Cuireann sé a chroí is a anam isteach i gcanadh a gcuid amhrán leis, agus más fíor nach é an t-amhránaí is cumasaí (tá nós ait aige na focail a shlogadh siar ina scornach) tá mealltacht ar leith ag baint le pearsantacht an fhir.

Fad is a bhí James Murphy agus LCD Soundsystem ag glacadh sosa tá laoch nua tar éis teacht i gcabhair ag an indie-kid meánaosta!

Grúpa ag snámh ina seasamh atá le cos ar The Far Field.

Tá Herring et al. tar éis filleadh ar an fhuaim ghlan chinéiteach synth-pop a bhí le clos ar a n-albam deireanach, Singles (2014).

Aintiúin indie iad seo dos na staideanna móra atá anois ag faireadh fáilte roimh sheó beo Future Islands.

Dordlínte láidre i stíl Peter Hook (Joy Division, New Order) le rithim thiomáinteach 4/4 agus é maisithe le dathanna sintéiseora atá go mór faoi chomaoin shaothar Brian Eno.

Níl aon athrú ar ábhar amhrán Herring ach an oiread.

Turas catharsach tríd aigne an fhir mheánaosta é The Far Field, lán aiféala, díomá agus míshuaimhneas an tsaoil leathchaite.

Ar ‘Beauty Of The Road’ cloisimid é ag canadh “You spend your whole life searching and find the thing you’re looking is what you lost so long ago”, ar ‘Aladdin’ deir sé “I’ve seen my features age, My fingers strange”.

Tá faoiseamh ón gcrá aonair le fáil ar an díséad máistriúil ‘Shadows’ i dteannta Debbie Harry (Blondie).

Tá an líne is fearr ag Harry, is í ag canadh “Is it the bee’s sting that honey haunts you? / Is it the sweet things you fear you’ll lose / If I get near, to you?”

Ach ‘Shadows’ d’fhéadfá rá nach bhfuil ach amhrán amháin le clos ar The Far Field, is é casta ar mhórán slite atá an-chosúil.

Is amhrán maith é, mar sin féin.

Nuair a bheidh tú i do sheasamh ag gig Future Islands leis na mílte daoine eile ag canadh línte mar “It’s not easy, just being human / And the lights and the smoke and the screens don’t make it better” (‘Through The Roses’), agus Herring á lúbadh féin taobh tuathail amach in airde ar an stáitse, ní bheidh fonn gearáin ort.

Beidh Future Islands ag casadh beo i Luimneach, Gaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath i mí Iúil 2017.