Ceannródaithe Coldcut
& On-U Sound tagtha le chéile don nascadh mealltach seo

‘Outside The Echo Chamber’ – Coldcut & On-U Sound


Build on the rock, stay on the rock, believe in the rock, because the music is a solid rock,” a deir Lee ‘Scratch’ Perry ina ghlór saintréitheach ag deireadh an amhráin ‘Divide & Rule’ (thíos).

Is fóirsteanach an chomhairle í mar nach sin atá déanta ag Coldcut (Jonathan More agus Matt Black, thuas ó chlé) is iad ag saothrú ar chloch an cheoil le 30 bliain anuas.

In 1987 bhunaigh More agus Black an lipéad ceoil Ahead Of Our Time (agus bhí leoga!).

Mhúineadar don saol conas samplóir a úsáid i gceart lena singil ‘Beats & Pieces‘ (an chéad cheirnín Big-Beat, i dtuairim The Chemical Brothers) agus lena n-athmheascán eipiciúil de ‘Paid In Full‘ le Eric B & Rakim, agus bhunaigh siad an clár raidió eachtrúil Solid Steel.

Is úinéirí cheirníní Ninja Tune iad Coldcut freisin, agus iad ar bheirt dos na dioscmharcaigh is sciliúla agus is samhlaíche dá bhfuil le clos (ná téigh i dtalamh gan éisteacht leis an dj-mheascán 70 Minutes of Madness dá gcuid).

Dá mbeadh an Lotto buaite agam is ar Coldcut a bheinn ag glaoch chun casadh ag mo chóisir cheiliúrtha!

Cas suas na callairí doird mar is comhléiriú i dteannta laoch dub-cheoil na Breataine Adrian Sherwood (On-U Sound) é Outside The Echo Chamber.

Agus fuaim reigé-pop leictreonach in uachtar, den chuid is mó, braitheann amhráin an albaim go mór ar chumas aonair an scata aoi-amhránaithe atá meallta ag Coldcut agus Sherwood go seisiúin taifeadta i Londain, Los Angeles agus Iamáice.

Mar is gnáth tá faobhar ar fhocail Roots Manuva, é ag ligean racht feirge uaidh ar ‘Vitals’ agus línte mar “with fossil-fuel comsumption that causes mass disfunction / When Mother Earth and the Universe is full of pure abundance“.

Sampla den bhéim a chuireann sé ar théama éiceolaíoch a bhí ina ghné riamh de cheol Coldcut chomh fada siar leis an singil ‘Stop This Crazy Thing’ i dteannta Junior Reid a eisíodh in 1988.

Tugann ‘Divide & Rule’ faoi fhuaimeanna draíochtúla dub a lúbadh thart timpeall rithim soca.

Port reibiliúnach é a chaitheann miongháire ar a aghaidh; bíodh is go bhfuil blas Rastafárach dáiríre, misniúil ar línte Junior Reid agus Elan ní féidir ach gáire go ceanúil nuair a léimeann rannta páistiúla mar “Love music and don’t die / Hate music and cry” amach as béal Lee ‘Scratch’ Perry.

Ní mór duit sciorradh thar lag-iarrachtaí mar ‘Make Up Your Mind’, ‘Robbery’ agus ‘Livid Hip Hop’, áfach, ach i lár an albaim tá seoid cheart le haimsiú i bhfoirm ‘Kajra Mohobbat Wala’ i dteannta an bhan-amhránaí Indiaigh Hamsika Iyer.

Cónascadh mealltach é idir dub agus ceol Indiach den saghas nach gcloistear minic a dhóthain.

Maith, gan a bheith riachtanach.