Ceol a chuirfidh ar snámh thú!
"fuaimrian do scannán nár léiríodh fós"

Dá mbeadh euro agam do gach iarraidh ina bhfuil na focail “fuaimrian do scannán nár léiríodh fós” léite agam in ábhar bolscaireachta albaim uirlise bheadh an léirmheas seo á scríobh ar Macbook seachas Toshiba agam.

I gcás The Swimmer, áfach, tá an cur síos úd cruinn.

Mar chumadóir agus olldordóir le The Cinematic Orchestra tá Phil France freagrach as roinnt den cheol uirlise is corraithí agus is taitneamhaí a eisíodh ó thús an chéid, is tá fuaim The Swimmer níos cineamataí ná ceol The Cinematic Orchestra féin.

In ainneoin The Swimmer a bheith á eisiúint ag an lipéad snagcheoil Manchain-bhunaithe Gondwana, tá gaol níos láidre ag an albam le traidisiún cumadóireachta leithéidí Philip Glass, Steve Reich agus John Carpenter ná le ceol olldordóirí snagcheoil mar Charles Mingus agus Ron Carter.

Níl olldord France le clos ach ar rian amháin anseo (‘Joy of Brass’), agus fiú ansin níl i gceist ach notaí ciúine seinnte go tíosach laistiar d’fhuaim an phráis.

É sin ráite, d’aithneofá ó réimniú armónach ciorclach agus séiseanna tonnúla ‘The Swimmer’ agus ‘Animator’ (céad-rian agus clabhsúr an albaim, faoi seach) gur ag éisteacht leis an gcumadóir céanna atá tú is a dhein cóiriú ar sheoda d’albaim mar Man With The Movie Camera agus Everyday le The Cinematic Orchestra.

Tá tógáil fuinnimh, agus gluaiseacht thomhaiste, i gceist leis an albam ó thús go deireadh.

Tugann ‘London Park Hotel’ faoin fhuaim thiomáinte scealpach a bhíonn á cleachtadh ag Gogo Penguin agus Mogwai, sinn á ullmhú ag France don stoirn oighir a bhuaileann sinn is sinn ag druidim chun deireadh ‘December’.

Tá an rud ar fad thart laistigh de 30 nóiméad, ach bíonn blas ar an mbeagán.

Tuigtear go bhfuil conradh trí albam sínithe ag France le lipéad Gondwana.

Tá go leor le clos ar an ath-eisiúint seo dá chéad albam aonair (tháinig The Swimmer amach ar dtús i 2013) a spreagfadh do shuim i gceol uasal Phil France. Beidh le feiscint cá mbeidh a thriall as seo.