Ceol Gaeilge le cluinstin in Ardeaglais Phrotastúnach Bhéal Feirste


Agus tú ag breathnú ar chuid de na meáin Bhéarla le tamall anuas, shílfeá gur ceist iomlán deighilteach í an Ghaeilge ó thuaidh le daoine ó chúlra áirithe ar son na teanga agus daoine ó chúlra eile go daingean ina coinne.

Is léamh an-simplí é sin ar chúrsaí cultúir agus féiniúlachta áfach – tuigeann muid uilig go bhfuil an fhírinne níos caolchúisí, níos casta agus níos saibhre ná anailís éadrom den sórt sin.

Agus ní bhfaighfear léargas níos fearr ar an fhírinne sin – agus ar an dóigh ar féidir le cultúr agus le teangacha daoine ó chúlraí éagsúla a thabhairt le chéile – ná in Ardeaglais Naomh Áine i lár Bhéal Feirste san oíche anocht.

Is é seo an príomh-fhoirgneamh ag Eaglais na hÉireann sa tuaisceart agus is ann a bheas trí chór ar leith i mbun ceoil: Cantabile Choirs ó Kingston Cheanada, Abbey Singers as Contae Aontroma agus an cór Gaeilge, Glórthaí Uladh.

Is é an t-amhránaí aitheanta sean-nóis as Gaoth Dobhair, Doimnic Mac Giolla Bhríde, atá ina stiúrthóir ar an chór ina bhfuil réimse amhránaithe as gach cearn den chúige.

Chan Glórthaí Uladh go beo ar TG4 anuraidh mar chuid den cheiliúradh speisialta ar an 20 bliain ó bunaíodh an stáisiún agus seo anois an chéad uair dóibh bheith ag ceol in eaglais chlúiteach Phrotastúnach.

“Rud iontach dearfach atá ann gur thug Ardeaglais Naomh Áine cuireadh do chór Gaelach theacht agus ceol le cóir eile ag an ócáid mhór seo,” arsa Doimnic.

“Tá go leor tuairimí diúltacha le cluinstin faoin Ghaeilge sna meáin i láthair na huaire ach is dea-scéal é seo.

“Thig leis an teanga droichid a thógáil agus tá súil againn go leanfaidh níos mó daoine dea-shampla na hArdeaglaise.”

Tosaíonn ceolchoirm na hoíche anocht ag 7.30in agus tá saorchead isteach ann.

Gach rath ar na cóir ar fad!