Ceol gan bhuillí
níl buille de chic-dhruma le clos ó thús deireadh 'II'

Tá cáil ar Danilo Plessow mar gheall ar a cheol house sampla-bhunaithe atá amh, agus anamúil, é léirithe faoin leas-ainm Motor City Drum Ensemble.

Dioscmharcach é Marcus Worgull a bhíonn ag cumadh rianta crithlonracha tech-house don lipéad Innervisions a fhad is nach bhfuil sé i mbun a chúraim mar úinéir an tsiopa ceoil Groove Attack in Köln na Gearmáine.

Ach in ainneoin chúlraí na beirte níl buille de chic-dhruma le clos ó thús go deireadh II, an tarna halbam atá eisithe acu faoin ainm Vermont.

“Tá Vermont ar nós imeacht ar saoire dúinn”, a dúirt Plessow agus Worgull in agallamh le déanaí agus iad ag tabhairt míniú ar fhuaim thomhaiste ambient kosmische II.

Ní haon ionadh ceol Vermont a bheith chomh bog óir gineadh an togra as tuirse.

Agus iad beirt ina suí spíonta amach sa stiúideo oíche amháin bheartaigh Plessow agus Worgull triail a bhaint as ceol gan bhuillí a chumadh.

Ní haon ionadh ceol Vermont a bheith chomh haoibhinn, ach an oiread; chuirfeadh liosta na sintéiseoirí analógacha a bhíonn in úsáid ag Vermont agus iad i mbun taifeadta uisce ar d’fhiacla (Arp Oddysey, Moog Prodigy, Fender Rhodes, Juno agus Prophet).

Bheadh sé ina dhúshlán ag ceoltóir droch-cheol a chumadh ar threalamh dá leithéid!

Tá stíl ghlan, fhíneáilte ag Vermont a léiríonn ómós d’oidhreacht ghrúpaí mar Cluster agus Tangerine Dream, a bhí lárnach i mbláthú an cheoil leictreonaigh sa nGearmáin le linn na 70í.

Tá cás le déanamh go mb’fhéidir go bhfuil roinnt de II ró-mhúinte, ach éist leis an albam seo oíche éigin nuair atá fonn ort albam a chur ar siúl sa chúlra is tú suite os comhair na tine tar éis lá crua oibre.

Dúiseoidh aoibhneas rianta mar ‘Dschuna’ agus ‘Wenik’ as do thábhnéal thú, ach seachas sinn ní chuirfidh II isteach ró-mhór ar do shuanaíocht.

Nach é sin go díreach a bhíonn ag teastáil uaireanta?