Ceol na gCruitirí ag filleadh tar éis 200 bliain
Ceolchoirmeacha i mBF agus BÁC

Beidh ceol beo na seanchláirseoirí le cloisteáil i mBéal Feirste amárach, Dé hAoine 28 Lúnasa, den chéad uair ó Fhéile na gCruitirí 1792, áit ar cuireadh ceol ársa na nGael i láthair den uair dheireanach, sula ndeachaigh sé in éag.

Mar chuid de shraith cheolchoirmeacha atá á reáchtáil timpeall na tíre, beidh na cruitirí Siobhán Armstrong, Ann Heyman as SAM, an t-amhránaí seán-niós Róisín Elsafty, agus an píobaire Ronan Browne ar ardán le chéile.

Dúirt Siobhan Armstrong le NÓS, ar dhuine de bhunaitheoirí ‘Scoil na gCláirseach í (atá lárnach sna hiarrachtaí chun an chruit a athbheochan), gur mór di an tseanchláirseach a thabhairt ar ais go Béal Feirste.

“Bhí sé de rún agam i gcónaí an tseanchruit a thabhairt ar ais go Béal Feirste, ‘an tobar’, cathair a raibh ról lárnach aici i gcaomhnú an traidisiún cheoil a mhair in Éirinn fadó,” ar sí.

Ba sna Seomraí Tionóil ar choirneáil Shráid Waring agus an tSráid Thuaidh, i mBéal Feirste a reáchtáladh an chuairt chruitireachta dheireanach agus ba ag an ócáid chéanna ar bhreac an déagóir Edward Bunting síos an t-aon bhailiúchán suntasach de cheol na gcruitirí a mhaireann.

“Gan saothar Bunting, d’fhéadfá a rá nach mbeadh ann do cheol na gcruitirí. Is ar na sean-lámhscríbhinní le Bunting a mbíonn muid ag brath chun an ceol álainn ársa a chur i láthair arís,” arsa Armstrong.

Tá sé tábhachtach ag Siobhán go mbeadh an cheolchoirm ag teacht leis an traidisiún a mhair fadó agus go mbeadh nasc idir an ceol agus amhráin ann.

“An chuid is mó de na cruitirí, b’amhránaithe agus filí iad chomh maith. Formhór na bhfonn a bhailigh Bunting, is séis amhráin iad,” arsa sí.

D’aithin Bunting sin ag an am, agus chuaigh an bheirt bhailitheoirí Partick Lynch agus James Cody ar thóir fhocail na n-amhrán.

“Dúinne sa lá inniu, faigheann muid léargas i bhfad níos iomláine ar cheol na gcruitirí trí shuntas a thabhairt don cheangal a mhair idir an ceol agus na hamhráin fadó,” arsa Armstong.

“Is spreagadh é an comhoibriú chomh maith an seancheol agus na sean-amhráin a chur chun tosaigh ar bhealach nua tarraingteach.”

Is éard atá sna ceolchoirmeacha ná teacht le chéile ildisciplíneach, ina mbeidh mórthaighde ar réimse leathan ábhar a bhaineann leis an traidisiún cruitireachta fadó, idir na teicnicí a bhí in úsáid chun seinm, an chruit féin, an stór amhrán agus na foinn a bhí á gcasadh i dtithe na n-uaisle fadó, ar fad ag teacht le chéile i bhfoirm ceoil sa chur i láthair.

Is as sin, dar le Siobhán, gheobhaidh muid súil isteach ar thraidisiún ceoil na nGael.



Cuirfear tús san oíche amárach leis an cheolchoirm sa Cresent Arts Centre, Béal Feirste ag 8in.

Beidh ceolchoirm ar siúl in Eaglais San Audoen, i mBaile Átha Cliath, Dé Sathairn 29 Lúnasa.