Ceol uirbeach Arabach ár linne?
Ní féidir Maghreb United a shárú

Beirtear agus cailltear an duine aonair ach maireann amhráin agus scéalta cultúir go brách má thugtar ar aghaidh ó ghlúin go glúin iad. Ní haon scéal nua don nGael an méid sin, agus tá an rud céanna fíor sa Túinéis, áit ar tógadh Ammar 808 i mbaile beag darb ainm Bayou sa cheantar ardchríche ar imeall theorainn na hAilgéire. 

Anuraidh d’eisigh an lipéad Glitterbeat albam de chuid Yahyaoui (Bayou 808), toradh ar thréimhse deich mbliana a chaith Yahyaoui ag bailiú amhráin a cheantair dúchais.

Dá thogra úr, Ammar 808, roghnaigh Yahyaoui lionsa fadfhócais chun súil a chaitheamh ar amhráin thraidisiúnta cheantar na Magraibe ar fad, is é le clos i mbun taifeadadh le hamhránaithe ó Mharacó (Mehdi Nassouli), ón Ailgéir (Sofiane Saidi) agus ón Túinéis féin (Cheb Hassen Taj). 

Píosaí traidisiúnta iad naoi gcinn de na deich n-amhrán anseo, agus stíleanna idir gnawa, targ agus rai le clos, ach an cor sa scéal ná gur bheartaigh Yahyaoui ceol na Magraibe a thaifeadadh mar a shamhlaíonn sé go bhfuaimneodh an ceol úd ach é casta ag glúin éigin ceoltóirí amach romhainn.

Chuige sin, baineann Yahyaoui feidhm go príomha as an sintéiseoir Roland TR-808. Anois, ní uirlis nua an Roland TR-808, ach bunchloch nach mór gach stíle ceoil uirbigh ós na 1980idí ar aghaidh. Tá sé ina chabhair, mar sin, nár tógadh Yahyaoui le ceol leictreonach. Níl spéis ag Yahyaoui i gcomhghnásanna an léiritheora hip hap ná ceol tí, rud a fhágann go dtugann sé faoin 808 le cluasa úra. 

Ní traidisiún á stróiceadh as a chéile atá le clos ar Maghreb United, mar sin, ach uirlisí leictreonacha á n-úsáid chun cur le bunfhuaim thraidisiúnta atá iontach croíúil ann féin. 

Bíonn fuaim Ammar 808 iontach dinimiciúil, agus brúidiúil go minic chomh maith. Is léir go bhfuil Yahyaoui den tuairim go bhfuil an dord ar lár sa cheol traidisiúnta Arabach; nuair a thuirlingíonn na dordnótaí diamhra i dtreo dheireadh ‘Layli’ beidh a fhios ag na comharsana béal dorais é. 

I gcás port mar ‘Siddi Kommi’ agus ‘Boganga & Saidi’, leagann sé cic-dhruma ollmhór anuas ar bhualadh bos gnawa, mar aon le saobhadh glic ar mhinicíocht ard an cheoil.

Déanta na fírinne, tá cuid de theicnící “nua” Yahyaoui ar Maghreb United cloiste cheana agam ar shaothair leithéidí Acid Arab agus ghrúpa Omar Souleyman, ach ní fhéadfá a rá bhfuil ceol na ngrúpaí úd chomh saibhir le léamh seo Ammar 808 ar na bunfhuaimeanna traidisiúnta.

Todhchaí an cheoil Arabaigh? N’fheadar mé, ach más ceol Arabach sa bhliain 2018 atáir ag lorg ní féidir Maghreb United a shárú.