Cóisir le Gradamóirí TG4
ag teacht chugainn go luath!

Agus Gradam Ceoil TG4 ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód, tá na hullmhúcháin faoi lán seoil don mhóroíche cheoil agus duaisbhronnadh a bheas ar siúl in Áras Ceoldráma Chorcaí ar an Domhnach 19 Feabhra 2017.

Bliain iontach do na hUltaigh, dar le Tristan Rosenstock, ceoltóir agus craoltóir aitheanta, a bheas mar MC ar an oíche, in éineacht le Muireann Nic Amhlaoibh.

“Lena leithéidí, Máiread Ní Mhaonaigh, Rita Gallagher agus Dónal Lunny i measc na mbuaiteoirí, tá na hUltaigh in airde i mbliana go cinnte,” ar sé.

“Beidh breis agus 100 ceoltóir ag glacadh páirte sa mhórcheiliúradh i mbliana – an méid is mó go dtí seo –  agus tá mé ag tnúth go mór le sároíche ceoil agus cuideachta.”

Tarraingíonn Gradam Ceoil TG4 plúr na gceoltóirí agus amhránaithe le chéile ó cheann ceann na tíre gach bliain chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil agus ar ealaíontóirí i ndomhan an cheoil thraidisiúnta.

I mbliana, bronnfar ‘Ceoltóir na Bliana’ ar an fhidléir agus amhránaí aitheanta Mairéad Ní Mhaonaigh as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, a bhunaigh Altan tuairim is scór go leith bliain ó shin.

Tá clú agus cáil bainte amach ag Mairéad ar fud an domhain leis an ollghrúpa Conallach agus beidh an grúpa ar fad ag teacht le chéile do choirm speisialta TG4.

Ar na Gradamóirí Ceoil eile tá: Mick O’Connor (thuas) , fear na feadóige móire as Baile Átha Cliath a bhfuil stair an cheoil thraidisiúnta sa bpríomhchathair scríofa aige; Ríta Gallagher, amhránaí binn as deisceart Thír Chonaill; Mícheál Ó Ruanaigh, cruitire agus cumadóir cumasach as Sligeach; Dónal Lunny, ceannródaí a bhfuil rian a láimhe ar fhorbairtí suntasacha sa cheol le 50 bliain anuas agus Liam O’Brien, draoi óg ar an chonsairtín as iarthar an Chláir.

Cuirfear fáilte roimh na gradamóirí uile chun píosa ceoil nó amhrán a chur i láthair agus beidh réaltaí móra eile, a leithéidí Paul Brady agus Andy Irvine agus Ceolfhoireann an Mhacalla, ag seinm ag an oíche spleodrach cheolmhar seo!

Gach rath ar Ghradam Ceoil TG4!